Tá sé fógartha ag Steve Aiken go bhfuil sé ag éirí as mar cheannaire Pháirtí Aontachtach Uladh. Ceapadh Steve Aiken ina cheannaire i Mí na Samhna 2019.

I litir a sheol Aiken go Cathaoirleach an UUP dúirt sé gur chreid sé go raibh an méid agus is féidir leis a bhaint amach don pháirtí bainte amach aige.

Tagann an fógra agus imní ag fás sa pháirtí maidir le ceannaireacht Aiken.

Dúirt Aiken nach mbeidh sé ag fágaint na polaitíochta agus go mbeidh sé ag tacú go hiomlán le pé ceannaire nua a cheapfar ar an bpáirtí.

Fanfaidh Aiken sa ról go dtí go roghnófar an té an thiocfaidh i gcomharbacht air.