skip to main content

Deireadh oifigiúil le Gaillimh mar Phríomhchathair an Chultúir

Bhuail go leor fadhbanna an tionscadal ón tús - idir fadhbanna buiséadta agus acmhainní daonna - chomh maith le srianta ar feadh na míonna de bharr Covid 19.
Bhuail go leor fadhbanna an tionscadal ón tús - idir fadhbanna buiséadta agus acmhainní daonna - chomh maith le srianta ar feadh na míonna de bharr Covid 19.

Tiocfaidh tréimhse na Gaillimhe mar Phríomhchathair Chultúir na hÉorpa chun críche anocht le searmanas ar líne. Bhuail go leor fadhbanna an tionscadal ón tús - idir fadhbanna buiséadta agus acmhainní daonna - chomh maith le srianta ar feadh na míonna de bharr Covid 19.

Roghnaíodh Gaillimh mar phríomhchathair chultúir na hEorpa don bhliain 2020 i mí Iúil 2016 ach níorbh fhada go raibh deacrachtaí ag an eagraíocht a bhí i mbun an tionscadail.

Ardaíodh ceisteanna faoin mbuiséad de €46 million euro agus cé as a dtiocfadh sé. Laghdaíodh an méid sin go €39 milliún, rud a chuir imní ar ealaíontóirí agus léirtheoirí a raibh tionscadail beartaithe acu don chlár agus a bhí mar chuid den leabhar tairisceana a bhuaigh an teideal go Ghaillimh.

Bhí fadhbanna le hachmhainní daonna agus lear mór daoine ag imeacht as a gcuid postanna, idir Stiúrthóir Cruthaitheach an tionscadail, Chris Baldwin, agus comhaltaí boird ag éirí as a gcúraimí. I dtaobh cursaí Gaeilge, ní raibh urlabhraí Gaeilge ceaptha faoi 2018 agus scaoileadh leis an duine sin anuraidh.

Buille eile a bhí ann nuair a d'fhógair Druid go raibh an taispeántas mór drámaíochta dá gcuid curtha ar ceal de bharr ciorruithe ar bhuiséad an togra. Cuireadh an searmanas oscailte a bhí beartaithe i lár an gheimhridh ar ceal ag an noiméad deireanach de bharr na drochaimsire cé go raibh sé ráite ag an eagraíocht go raibh plean eile acu.

Ach bhí mí-ádh eile i ndán do Ghaillimh 2020: Covid 19. Cuireadh srian ar imeachtaí de bharr na paindéime agus bhí an plean caite san aer.

D’éirigh le Gaillimh 2020 imeachtaí a reachtáil ar bhealaí eile agus dar leis an eagraíocht, ghlac 600 ealaíontóir agus eagraíocht páirt sa gclár ó cuireadh tús leis go mí Aibreán na bliana seo.