skip to main content

Duine de Ghaeil mhóra Bhéal Feirste Albert Fry tar éis bháis

Albert Fry
Albert Fry

Tá duine de Ghaeil mhóra Bhéal Feirste Albert Fry tar éis bháis. Bhí sé os cionn ceithre scór bliain d'aois.

B'as tuaisceart na cathrach ó dhúchas é.

Bhí cáil air mar ghníomhaí teanga, cheoltóir, ailtire agus mar pheileadóir go deimhin, agus bhí dáimh mhór aige le Gaeltacht Thír Chonaill, áit a raibh teach aige i Mín Corrbhaic.

Chuir sé cúpla glúin faoi dhraíocht leis na leaganacha cruinne binne a bhí aige de chuid d'amhráin mhuintir Rann na Feirste.

Ba é an chéad duine ón Tuaisceart a bhí ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge agus bhí sé an-ghníomhach i dtólamh i gCumann Chluain Ard Bhéal Feirste.

Bhí baint mhór ag Albert Fry fosta le bunú agus forbairt Bhunscoil Phobal Feirste, an chéad Ghaelscoil sa Tuaisceart.