Tá léiriú ealaíonta ar an fhianaise a thug daoine a tháinig slán ó Áras Máithreacha is Leanaí Thuama curtha i dtoll a chéile ag mic léinn ó Ollscoil na hÉireann Gaillimh. Déanann an léiriú ar a dtugtar 'Nochtaithe' cur síos ar scéalta Áras Thuama a bhailigh Grúpa Stairsheanchais Thuama na hOllscoile.
Ní clár faisnéise atá sa taispeántas seo ach léiriú don tsúil ar an bhfianaise a thug daoine a tháinig slán ó Áras Máithreacha's Leanaí i dTuam. Bhásaigh na céadta gasúr san Áras agus fágadh mná agus gasúir ag cuardach a chéile, fiú go dtí an lá atá inniu.
Tá an i mbun an tionscadail le roinnt blianta ag bailiú fianaise uathu siúd a tháinig slán ón Áras. Chinn mic léinn ón Roinn Drámaíochta léiriú ealaíonta a dhéanamh ar chuid de na scéalta seo.
Sheinn an ceoltóir aitheanta Colm Mac Con Iomaire an píosa Aisling Eimear mar chuid den léiriú.
Seoladh an taispeántas an deireadh seachtaine seo le painéal plé a raibh daoine a thug fianaise don togra páirteach ann.
Beidh Nochtaithe le feiceáil ar feadh na míosa seo mar chuid d'Fhéile Bhealtaine na hOllscoile.