Is lú seans go nglacfaidh mná agus daoine óga le vacsaín in aghaidh Covid-19 ná daoine eile, de réir staidéir atá déanta ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
Léiríonn an staidéar a rinneadh ar líne i measc 1,000 duine in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe, gur lú go mór an seans go nglacfaidh mná faoi 30 bliain d'aois le vacsaín in éadan an víris.
Dúirt 75% de dhaoine go nglacfadh siad le vacsaín, dúirt 11% nach nglacfadh agus ní raibh 14% ábalta a rá cé acu an nglacfadh nó nach nglacfadh.
I measc mná faoi 30 bliain d'aois, dúirt níos lú ná 70% go nglacfadh siad leis an vacsaín agus léirigh 20% éiginnteacht faoi ghlacadh leis.
Dúirt an Dr Jane Walsh, léachtóir sinsearach le síceolaíocht in Ollscoil na hÉireann Gaillimh, go bhféadfadh sé gur imní maidir lena dtorthúlacht a ba chúis le drogall a bheith ar mhná óga an vacsaín a fháil. Caithfear tuilleadh iniúchaidh a dhéanamh ar an ábhar seo, a dúirt an Dr. Walsh.
Léirigh an suirbhé go bhfuil baint láidir ag tionchar a bpiarghrúpaí le tuairimí mná óga faoi cheist na vacsaíne.
Dúirt an Dr. Walsh go raibh an tionchar seo soiléir go háirid ina measc siúd a dúirt 'nach nglacfadh' siad leis an vacsaín nó bhí 'éiginnte' faoi."
Díol imní chomh maith don lucht taighde go mothaíonn siad siúd a dúirt 'Níl' maidir leis an vacsaín, freagracht saoránaigh níos lú, de réir an staidéir seo.