Maraíodh na dosaein daoine de bharr fuascair ag láthair oilithreachta i mbaile Meron i dtuaisceart Iosrael aréir. Gortaíodh thart ar 150 duine freisin.
Áírítear faoi láthair 45 duine ar a laghad a bheith maraithe san fhuascar.
Tharla an tubaiste san áit a gcreidtear fáidh Giúdach a mhair sa dara haois a bheith adhlachta.
Tugann lucht for-Cheartchreidmheach aghaidh ar thuama an fháidh gach bliain.
Bhí an suíomh dúnta anuraidh mar gheall ar shrianta Covid-19 agus chuaigh na táinte ar an oilithreacht i mbliana tar éis do Riatlas Iosrael an tír a oscailt arís.
Tuairiscítear, áfach, go raibh i bhfad níos mó daoine ann ná a bhí ceadaithe.
Tuigtear gur maraíodh na daoine tar éis d'ardán a bhí curtha suas go speisialta don ócáid tabhairt uaidh.