skip to main content

Covid-19: triúr eile básaithe, 474 cás nua

Covid-19: triúr eile básaithe, 474 cás nua
Covid-19: triúr eile básaithe, 474 cás nua

Thug an Roinn Sláinte le fios tráthnóna go bhfuil triúr eile básaithe leis an ngalar Covid-19 sa Stát agus go bhfuil 474 cás nua ann.

Fágann sé seo go bhfuil 4,899 duine básaithe leis an ngalar i bPoblacht na hÉireann ó thús na paindéime agus go bhfuil sé tolgtha ag 248,326 duine san iomlán.

Tá 155 othar Covid-19 in ospidéil ar fud na tíre, 44 díobh in aonaid dianchúraim.

Is i mBaile Átha Cliath atá 167 de na 474 cás nua, tá 39 cás i gCill Dara, 37 i gCorcaigh, 36 i nDun na nGall, 29 sa Mhí agus tá an 166 cás eile roinnte idir gach contae eile.

Dearbhaíodh níos túisce inniu nár taifeadadh aon duine eile a bheith básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart ach go bhfuil 95 cás nua ann.

Tá 2,144 duine básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus tá sé tolgtha ag 120,087 duine ó thús na géarchéime.

Tá 61 othar Covid-19 in ospidéil sa Tuaisceart, ochtar acu in aonaid dianchúraim.