100 bliain go ham seo a tharla ceann de na heachtraí ba cháiliúla i gCogadh na Saoirse i gCo Dhún na nGall.

Ghabh ceathrar d'Óglaigh na hÉireann seilbh ar ghluaisteán an Dr Henry Johnston as Srath an Urláir le hairm a iompar.

D'fhuadaigh Óglaigh Bhealach Féich an gluaisteáin in aice leis an Bhrocaigh. nó Droichead an Ríleáin, i lár an chontae agus scríobh Willie Gillespie an t-amhrán Johnston’s Motor Car a chas grúpaí ar nós na Dubliners agus na Clancy Brothers na blianta ina dhiaidh sin.

B'as Corcaigh ó dhúchas an Dr Henry Johnston ach lonnaigh sé i Srath an Urláir i gCo Dhún na nGall agus bhain sé cáil amach mar dhochtúir teaghlaigh.

San am sin, bhí Óglaigh Oirthear Dhún na nGall ag iarraidh airm a iompar ó áit go háit ach bhí fórsaí na corónach ag coinneáil súil ghéar orthu.

Mar sin, d'iarr siad ar Óglaigh i gceantair eile bunáiteanna sna Gleanntaí, ar an Chlochán Liath agus ar an Fhál Carrach a ionsaí le haird na bpóilíní a tharraingt uathu agus le go mbeidís ábalta a gcuid arm a iompar.

Ar an drochuair, ní raibh gleas taistil ar bith ag lucht Bhealach Féich chun é sin a dhéanamh.

Bhí a fhios acu go raibh gluaisteán ardchaighdeáin Ford ag an Dr Johnston agus bheartaigh siad seilbh a ghabháil air.

Cuireadh scéala chuig an Dr Johnston go raibh bean shaibhir an-tinn i nDroichead an Ríleáin, agus chuaigh sé féin agus a bhean chéile le cóir leighis a chur uirthi.

Sular bhain sé an teach amach, rinne ceathrar Óglach luíochán roimhe agus bhain siad an carr de.

Bhí ar an Dr Johnston agus a bhean síob a fháil an oíche sin i gcarr agus capall ar ais go Srath an Urláir. Chaill sé a mhála leighis agus a bhuidéal cógaisí ach fuair sé níos déanaí iad.

Baineadh leas an as an charr le hairm a bhailiú ó Ailt an Chorráin agus an Clochán Liath in iarthar an chontae.

Níor sileadh deoir fola agus an carr á fhuadach ach léiríonn an scéal an modh oibre a bhí ag na hÓglaigh san am nuair a bhí feithiclí gann.

Ba iad Henry McGowan, Jim McCarron, Charles Doherty agus Willie Tom McMenamin na hÓglaigh a bhí páirteach sa luíochán.

hÍocadh cúiteamh 500 punt leis an Dr Johnston agus le fear gnó eile darbh ainm McClay ar goideadh a charr uaidhsean chomh maith thart ar an am céanna.

An Dr Johnston, a bhean chéile agus a seisear clainne

Fuair an Dr Johnston bás i Srath an Urláir i 1932.

Níos déanaí sna seascaidí, tharraing na Dubliners agus na Clancy Brothers aird arís ar amhrán Willie Gillespie, Johnston's Motor Car.

Pictiúir: Le caoinchead (www.finnvalleyhistory.com)