Dúirt Propast Ollscoil Uladh an Dr Malachy Ó Néill gur scoláire, teagascóir, taighdeoir, sagart, fear pobail agus fear léannta go smior a bhí in Anraí mac Giolla Chomhaill a chuaigh ar shlí na fírinne inné.

Dúirt uachtarán Chonradh na Gaeilge an Dr Niall Comer gur múinteoir den scoth a bhí san Athair Anraí Mac Giolla Chomhaill a raibh tionchar ollmhór aige ar a dhaltaí agus ar a chomh-mhúinteoirí:

"Leabhair thar a bheith luachmhar a bhí sna leabhair theagaisc a chuir sé ar fáil sna 1970í agus sna 1980í nuair nach rabh morán de sin ar fáil.

Is léir gur thuig sé an tábhacht a bhain le hábhar nua-aimseartha a chur ar fáil do dhaltaí. Duine an-séimh agus an-fhial go deo a bhí ann.

Bhain sé clú agus cáil amach mar eagarthóir ar An tUltach. Nuair a chaith mise seal mar eagarthóir, bhí an tAthair Mac Giolla Chomhaill go fóill ag scríobh faoin ainm pinn 'Guaire' agus ba ghnách liom dul ar cuairt chuige go minic ag plé ábhar na hirise leis.

Is trua go bhfuil sé ar shlí na fírinne. Cara mór liom a bhí ann agus cara mór leis an Ghaeilge. I measc na naomh go raibh sé."

I gcathair Dhoire a rugadh Anraí Mac Giolla Chomhaill i 1940.

I ndiaidh dó céim a bhaint amach sna teangacha Ceilteacha in Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste, d'oibrigh sé mar chúntóir taighde don Ollamh Heinrich Wagner a chuir mórshuirbhé teangeolaíochta i dtoll a chéile ar chanúintí Gaeilge na hÉireann - Linguistic Atlas and Survey of the Irish Language (LASID).

Obair mhór í seo a thug an tAthair Anraí go háiteanna ar fud na tíre nach raibh ach cúpla cainteoir Gaeilge fanta chomh maith leis na ceantair inar theanga phobail go fóill í.

"Mar a déarfadh sé féin," a dúirt an Dr Malachy Ó Néill, "níl léamh ná scríobh ná inseacht béil ar a bhfuil bainte amach aige do shaothar na Gaeilge.

Bhí baint aige ar feadh blianta le Gaeltacht Thír Chonaill, le Rann na Feirste, le Ros Goill agus le Comhaltas Uladh. Chaith sé chóir a bheith tríocha bliain ina eagarthóir ar An tUltach.

Is annamh a fhaigheann tú acadúlacht agus umhlaíocht in aon abairt amháin i gcás aon duine, ach d’iompair Anraí a chuid léinn go héadrom ar achan dóigh."

Theagaisc an tAthair Anraí Gaeilge i gColáiste Mhig Aoidh i nDoire agus níos déanaí in Acadamh Naomh Pádraig i nDún Geanainn ó 1965, áit ar chuir sé leabhair úra theagaisc ar fáil dá dhaltaí, leithéidí Rogha agus Togha (1975), Lúth na Teanga (1972), Taisteal agus Iompar in Éirinn (1974) agus an tsraith Fás (1976-79).

D’fhoilsigh sé níos mó ná 70 leabhar. Saineolaí ar an léann eaglasta Gaelach a bhí ann fosta.

I measc na leabhar a d'fhoilsigh sé ar stair na hEaglaise, tá Beatha Cholm Cille agus Colm Cille: a Shaol agus a Shaothar, chomh maith le beathaisnéis an tsagairt agus scoláire eile Lorcán Ó Muireadhaigh.

I 1972, foilsíodh a mhórshaothar Díolaim Próis inar cuireadh Gaeilge an lae inniu ar an Nua-Ghaeilge Chlasaiceach.

In 2002, foilsíodh ábhar eaglasta breise dá chuid, mar atá, Pápaí an Fichiú hAois.

Dúirt an Dr Malachy Ó Néill gur chuir sé atheagar ar chuid de shaothair mhóra na scríbhneoirí Conallacha fosta:

"Bhuail stróc é agus é ina fhear óg ach níor chuir sin isteach ar a chuid oibre. Chrom sé ar an obair agus gan in úsáid aige ach lámh amháin, go fírinneach.

Thacaigh sé lena chara Breandán Ó Doibhlinn fosta agus eisean ag obair ar Chaiticiosma na hEaglaise Caitlicí.

Rinne sé cion fir do phobal na Gaeilge agus dá phobal féin agus is mór an chaill é anseo i gCúige Uladh agus níos faide i gcéin."

Bhronn Éigse Cholm Cille i nDoire gradam air in 2009 as a shaothar léinn agus bhronn Ollscoil Uladh céim oinigh air in 2017.

Thug an Athair Anraí a chartlann do Leabharlann an Chairdinéil Tomás Ó Fiaich in Ard Mhacha.