Ta tuama ársa aimsithe i gCorca Dhuibhne. Deir seandálaithe gur tuama fíor-neamhghnách atá ann.

Aimsíodh an tuama a bhí fé thalamh le linn d'innealra a bheith ag iompú na hithreach ar thaobh cnoic.

Tá éileamh déanta ag Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta go gcoimeádfaí suíomh an tuama fé rún go fóill d’fhonn é a chosaint.

Nochtadh an tuama a bhfuil dhá sheomra ann nuair a hiompaíodh leac mhór.

Aimsíodh cnámha daonna agus cloch shuaithinseach i gcroílár an tuama.

Bhí seandálaithe ó Ard-Mhúsaem na hÉireann agus Seirbhís na Séadchomharthai Náisiúnta ar an láthair inné agus an tuama á scrudú acu.

Dúradar ná beadh aon ní le rá acu fén láthair go dtí go mbeadh tuilleadh iniúchta déanta.

Measann an seandálaí áitiúil Micheál Ó Coileáin go bhféadfaí an Chré-Umhaois a lua leis an dtuama. Tá an tuairim seo bunaithe, a deir sé, ar shuíomh agus ar threo an tuama maraon leis na leaca móra ar a bharr.

Mar sin féin, deir sé go bhfuil tréithe fíor-neamhghnách ag baint leis an dtuama áirithe seo agus go bhfuil seans ann go mbaineann sé le ré eile.

Deir an seandálaí agus saineolaí logainmneacha an Dr Breandán Ó Cíobháin go bhfuil gá le breis tochailte ar an gcuid den dtuama ata fós fé thalamh chun tuiscint níos fearr a fháil ar an leagan amach iomlán.

Deir sé gur tuama eisceachtúil é sa mhéid agus go raibh sé caomhnaithe fé thalamh, é iomlán slán agus gan aon chur isteach déanta air ón am a adhlacadh daoine ann.

Tá an chloch shuaithinseach curtha i gcoimeád ag na húdaráis agus an láthair féin clúdaithe le brat cosanta.