D'fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil ochtar eile básaithe leis an ngalar Covid-19 sa Stát agus go bhfuil 309 cás nua ann.

Fágann sé seo go bhfuil 4,820 duine básaithe leis an ngalar i bPoblacht na hÉireann ó thús na paindéime agus go bhfuil sé tolgtha ag 242,402 duine san iomlán.

Tá 184 othar Covid-19 in ospidéil ar fud na tíre, 51 díobh in aonaid dianchúraim.

Is i mBaile Átha Cliath atá 107 de na 309 cás nua, tá 30 cás i gCill Dara, 14 i Luimneach, 14 Uíbh Fhailí agus tá na cásanna eile roinnte idir naoi gcontae dhéag eile.

Fógraíodh níos túisce inniu gur bhásaigh beirt eile le Covid-19 sa Tuaisceart agus go bhfuil 159 cás nua ann.

Tá 2,132 duine básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus tá sé tolgtha ag 118,732 duine ó thús na géarchéime.

Tá 58 othar Covid-19 in ospidéil sa Tuaisceart, ochtar acu in aonaid dianchúraim.