Thug an Roinn Slainte le fios tráthnóna go bhfuil dáréag eile básaithe leis an ngalar Covid-19 sa Stát agus go bhfuil 431 cás nua ann.

Fágann sé seo go bhfuil 4,812 duine básaithe leis an ngalar i bPoblacht na hÉireann ó thús na paindéime agus go bhfuil sé tolgtha ag 242,105 duine san iomlán.

Tá 192 othar Covid-19 in ospidéil ar fud na tíre, 49 díobh in aonaid dianchúraim.

Is i mBaile Átha Cliath atá 160 de na 431 cás nua, tá 50 cás i gCill Dara, 34 i nDún na nGall, 21 sa Mhí, 20 i Luimneach agus tá an 146 cás eile roinnte idir 20 contae eile.

Fógraíodh inniu chomh maith gur bhásaigh duine eile le Covid-19 sa Tuaisceart agus go bhfuil 97 cás nua ann.

Tá 2,130 duine básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus tá sé tolgtha ag 118,573 duine ó thús na géarchéime.

Tá 70 othar Covid-19 in ospidéil sa Tuaisceart, ochtar acu in aonaid dianchúraim.