skip to main content

Tá rogha eile adhlactha á forbairt i nGort Insé Ghuaire.

Tá rogha eile adhlactha á forbairt i nGort Insé Ghuaire. Tá balla speisialta le tógáil sa reilg ina mbeidh spás do 60 síothal.
Tá rogha eile adhlactha á forbairt i nGort Insé Ghuaire. Tá balla speisialta le tógáil sa reilg ina mbeidh spás do 60 síothal.

Is iomaí ceantar ar fud na tíre a bhfuil easpa spáis sna reiligí agus easpa suíomhanna ann a bheadh feiliúnach le reilig nua a fhorbairt. Tá coiste reilige Ghort Insé Ghuaire tar éis smaoineamh ar cholmlann nó columbarium a thógáil ar shuíomh na reilige, ag séipéal Naomh Colmán, le dul i ngleic leis an bhfadhb seo mar níl aon spás fágtha sa reilig atá le taobh an tseipéil. Tá balla speisialta le tógáil sa reilig, sa gcás go mbeidh éileamh i measc an phobail, ina mbeadh spás do 60 síothal agus tá dul chun cinn maith déanta ag an gcoiste leis an togra cheana féin.

Deir an canóin Tommy Marrinan go bhfuil i bhfad níos mó daoine á gcréamadh anois agus gur bealach eile a bheadh anseo duine a adhlacadh agus a choinneáil sa gceantar. Baineann go leor daoine úsáid as seirbhís  créamatóiriam na Sionainne agus déanann a leithéad de thogra ciall sa gceantar a deir sé.

Ní minic a fheictear colmlanna sa tír seo ach tá sé thar a bheith fairsing i dtíortha eile ar nós Mheiriceá agus na Breataine, ach de bharr go bhfuil créamadh á dhéanamh ar choirp níos minice anois ceapann an coiste go gcabhróidh a leithéad de bhalla leis an easpa láithreacha uaighe atá ann agus go dtabharfaidh sé rogha eile do dhaoine,  le go mbeidh siad in ann duine muinteartha leo a adhlacadh níos gaire don bhaile. 

Deir an fear áitiúil Paddy Griallais go bhfuil an-dul chun cinn déanta ag an gcoiste agus cead pleanála faighte don togra cheana agus go n-imeoidh an togra chun tairbhe daonra na háite atá ag méadú bliain i ndiaidh bliana. Táthar ag siúl go mbeidh 15 aonad díolta roimh lár na míosa seo chugainn sula ndéanfar cinneadh leanacht ar aghaidh leis an togra. Má tá éileamh ón bpobal beidh an colmlann tógtha i mballaí na reilige i mí Mheán Fómhair.