Tá luibheolaí Éireannach, Gaeilgeoir, agus an chéad eachtrannach ariamh ceaptha ag Banríon Eilís Shasana mar iontaobhaí pearsanta ar Bhord Ghairdíní Kew i Londain. Beidh sé de dhualgas ar an Ollamh Liam Dolan, as Baile Átha Cliath ó dhúchas, tuairisc rialta a thabhairt don Bhanríon Eilís ar fhorbairt agus ar thaighde na nGairdíní. Nuair nach mbíonn Liam i mbun taighde ar ghéineolaíocht phlandaí in Ollscoil Gregor Mendel i Vín na hOstaire, bíonn sé ag scríobh ar a shuaimhneas ina theach saoire in iarthar Dhún na nGall.

Aithnítear Garraithe Ríoga na Lus in Kew ar cheann amháin de na gairdíní lusanna is mó ar domhan. Institiúid thábhachtach taighde atá iontu fosta, agus le cúpla bliain, bhí Liam ar an Bhord Stiúrtha acu. Ach inné fuair Liam scéal go bhfuil sé ceaptha ag Banríon Eilís Shasana mar iontaobhaí pearsanta a bheidh freagrach as tuairisc dhíreach a thabhairt di ar fhorbairt agus ar thaighde na hinstitiúide. Tá sé mar aidhm ag an Bhord comhairle eolaíochta a chur ar an Institiúid. 

"Tá straitéis eolaíochta nua bunaithe acu agus iad ag amharc níos mó ar an taobh amuigh ná mar a bhí riamh, agus iad ag díriú ar shaothrú bithéagsúlachta ar fud an domhain" a deir Liam. "Mar shampla, tá tograí taighde agus caomhnaithe acu sa Cholóim agus i Madagascar."

Deir sé go bhfuil spéis mhór ag an Bhanríon Eilís sna plandaí agus i gcúrsaí Kew. 

"Bíonn duine amháin ar an Bhord Stiúrtha freagrach as í a choinneáil ar an eolas, agus sin an post a bheidh agamsa anois."

Bhí deich mbliana caite ag Liam ina ollamh le luibheolaíocht in Ollscoil Oxford. Le déanaí bhog sé chuig Ollscoil Gregor Mendel i Vín na hOstaire . 

Deir Liam go bhfuil straitéis úr eolaíochta ag Kew anois agus béim úr curtha acu ar an ilnáisiúnachas. Creideann sé go bhfuil baint ag seo lena cheapachán. 

"Is mise an chéad iontaobhaí ariamh taobh amuigh den tír (Sasana). Sasanaigh ar fad a bhí sa ról seo go dtí seo. Athrú béime atá sa cheapachán seo', a deir eolaí Bhaile Átha Cliath.

Inniu, ba ag bun Eas an Fhrancáin ar An Mhachaire in aice le hArd a' Rátha in iarthar Dhún na nGall a labhair muid le Liam, áit a ndéanann sé a chuid taighde agus scríbhneoireachta ar an shuaimhneas cois farraige. Ach cad a thug an Bleá Cliathach anseo?

"Ní thiocfadh liom a bheith in áit níos suimiúla ó thaobh luibheolaíochta de; tá na plandaí atá ag fás ar fud na háite seo gann go leor. Tá siadsan faoi bhagairt fosta. Chomh maith le sin, tá geolaíocht na háite seo iontach suimiúil. Cuid de Fhoirmíocht Earra-Gháidheal atá anseo a léiríonn taobh eile de Shruth na Maoile. Is anseo ar An Mhachaire a dhéanaim mo chuid scríbhneoireachta agus taighde nuair nach mbím san ollscoil i Vín."

Cé a shílfeadh go mbeadh Gaeilgeoir ag coinneáil eolais le Banríon Shasana faoi phlandaí agus faoi luibheanna, agus má tá áilleacht i ngairdíní Kew i Londain, tá áit a ndiongbhála anseo i nDún na nGall. Agus cérbh é an t-údar Conallach a scríobh " Bhí an t-arán le cuartú agus ní fhásann an chruithneacht ar an uaigneas" ?!