Sheol Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers Plean Teanga Árainn Mhór ar líne tráthnóna. Seo an chéad phlean teanga a seoladh ar oileán Gaeltachta.

Tá an plean teanga bunaithe ar mhianta agus ar thuairimí a bailíodh ón phobal.

Níos lú ná 500 duine atá ina gcónaí ar Árainn Mhór, an t-oileán is mó amach ó chósta Dhún na nGall. 

De réir an phlean teanga seacht mbliana, tá sé mar aidhm líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge ar an oileán a ardú 10% faoin bhliain 2028.

Dúirt Nóirín Uí Mhaoldomhnaigh, bainisteoir Chomharchumann Árainn Mhór, go bhfuil na figiúirí sa phlean teanga bunaithe ar Dhaonáireamh 2016 nuair a bhí cónaí ar 464 duine ar an oileán. Bhí 47.2 % de na daoine sin ina gcainteoirí laethúla Gaeilge ag an am, a dúirt sí.

Nuair a bheidh torthaí an chead daonáireamh eile ar fáil, a dúirt sí, beifear ábalta measúnú a dhéanamh ar na spriocanna a leagadh síos ag an am agus an dul chun cinn a rinneadh ó shin a fheiceáil.

Tá na scoileanna ar fad ar an oileán aitheanta mar scoileanna Gaeltachta. Tá dhá bhunscoil agus meánscoil amháin le sruth Gaeilge ann.

Thug an tOifigeach Pleanála Teanga Fiona Ní Ghloinn le fios go gcaithfidh an Roinn Oideachais agus Roinn na Gaeltachta araon na hacmhainní cuí a chur ar fáil leis na spriocanna atá sa Pholasaí Oideachais Gaeltachta a bhaint amach.

Dúirt Fiona Ní Ghloinn go bhfuil "oideachas trí Ghaeilge le fáil do na daltaí uilig ar an oileán, agus ar ndóigh tagann daltaí amach ón tír mór le freastal ar an mheánscoil mar gheall ar an sruth Gaeilge agus an cultúr Gaeilge atá ann."

Creideann sí fosta go bhfuil sé tábhachtach cúntóirí teanga a chur ar fáil do theaghlaigh atá ag filleadh ar Ghaeltacht ach nach bhfuil morán Gaeilge acu.

Ba mhaith le Fiona Ní Ghoinn amharc chun tosaigh chomh maith ar chursaí oideachais tríú leibhéil. Cheana féin, a dúirt sí, táthar ag comhoibriú le hOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath maidir le scéim intéirneachtaí a chur ar fáil sa Ghaeltacht.