Chosain an tAire Oideachais Norma Foley cinneadh an Rialtais an clár náisiúnta vacsaínithe a leasú agus daoine a vacsaíniú feasta de réir aoisghrúpaí seachas de réir a gcuid oibre.
Mhaígh an tAire Foley gur thuig sí an díomá ollmhór a bhí ar mhúinteoirí faoin gcinneadh ach nach breithiúnas ar luach aon ghairme beatha a bhí ann.
Is ar an eolaíocht atá an cinneadh bunaithe, a dúirt sí.
Agus í ag tabhairt a haithisc do cheannairí Chumann Múinteoirí Éireann sa Nás i gCill Dara agus do 800 ball ar líne, dúirt Norma Foley go bhfuil an baol go bhfaighidh duine idir 60-65 bliain d'aois bás le Covid-19 seachtó uair níos mó ná an baol do dhuine idir 30-35 bliain.
Dúirt Ardrúnaí Chumann Múinteoirí Éireann John Boyle léi, áfach, go bhfuil múinteoirí feargach agus lagmhisniúil faoi gur sháraigh an Rialtas geallúint a tugadh dóibh go bhfaighidís an vacsaín in aghaidh Covid-19 i ndiaidh oibrithe sláinte.
Thug sé Mahatma Gandhi mar údárás nuair a dúirt sé léi nach leor focail agus gurb é an gníomh a chuireann tosaíocht in iúl.
Molfaidh na trí cheardchumann múinteoirí rún coiteann ag a gcomhdhálacha bliantúla amárach go dtabharfaí tús áite do mhúinteoirí sa scuaine don vacsaín.
Cé go bhfuil gníomhaíocht thionsclaíoch luaite mar bheartas meastar nach dtarlóidh a leithéid.
Labharfaidh an tAire le comhdháil Aontas Múinteoirí Éireann ar maidin amárach.