Tá ceann de na comhlachtaí farantóireachta a fhreastalaíonn ar an Blascaod Mór ar díol.
Tá sé fógartha ag an gcomhlacht Bádóirí an Bhlascaoid Teo go bhfuil bád 48 paisinéir agus an tseirbhís farantóireachta ó Dhun Chaoin go dtí an t-oileán ar díol acu.
Tréigeadh an Blascaod sa bhliain 1953 ach ta cáil dhomhanda ar an oileán as an oidhreacht shaibhir litríochta a d'fhág pobal an oileáin ina ndiaidh agus tugann na mílte turas air gach bliain.
Tá ceadúnais ó Roinn na Mara ag cúig bhád paisinéirí cur i dtír ar an mBlascaod, dhá cheann acusan ó Dhún Chaoin.
Tá Bádóirí an Bhlascaoid Teo ag freastal ar an oileán ó 1993 i leith.
Níl aon phraghas luaite leis an ngnó ach dúirt uinéir an chomhlachta Jan Duggan le Nuacht RTÉ gurbh fhearr leis gur duine ón áit a cheannódh é.