Tá iarrtha ag an Aire Sláinte Stephen Donnelly ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, clár vacsaínithe Covid-19 Ospidéal an Beacon a chur ar fionraí.

Tagann an scéal sna sála ar chonspóid gur thug an tOspidéal príobháideach 20 vacsaín a bhí le sparáil go roinnt múinteoirí ó Scoil ''St Gerard's'' i mBré i gContae Chill Mhantáin.
I ráiteas atá éisithe ag an Aire Sláinte dúirt sé go raibh an méid a tharla go hiomlán míchuí agus nach bhféadfaí glacadh leis beag ná mór.

Dúirt sé go raibh dianmhacnamh déanta aige ar an gcás agus go bhfuil iarrtha aige ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte anois an clár vacsaínithe ag Ospidéal an Beacon a chur ar fionraí.
Dúirt an tAire go mbeidh malairt socruithe le cur i bhfeidhm ag an bhFeidhmeannacht.
Dúirt sé chomh maith go bhfuil iarrtha aige ar an bhFeidhmeannacht oifigeach sinsearach a cheapadh láithreach chun fiosrúchán a dhéanamh faoi cad a tharla ag an Beacon agus chun moltaí a dhéanamh maidir le aon ghníomh nó aon athrú a bheadh ag teastáil.

Dúirt Úlabhraí ar son an Taoisigh gur le muintir na hÉireann na vacsaíní agus go bhfuil rialacha agus treoirlínte soiléir ann maidir le conas ar cheart na vacsaíní a thabhairt amach. Dúradh gur léir go raibh na rialacha agus na treoirlínte seo sáraithe ag Ospidéal an Beacon.