skip to main content

Gaelscolaíocht ag an meánleibhéal arís i gContae Lú

D'fhógair an tAire Oideachais, Norma Foley, an tseachtain seo go mbunófaí satailít de Ghaelcholáiste Ghlór na Mara - atá lonnaithe i gContae Átha Cliath - i nDún Dealgan.
D'fhógair an tAire Oideachais, Norma Foley, an tseachtain seo go mbunófaí satailít de Ghaelcholáiste Ghlór na Mara - atá lonnaithe i gContae Átha Cliath - i nDún Dealgan.

Cuirfear gaelscolaíocht ag an meánleibhéal ar fáil arís i gContae Lú ó Mheán Fómhair 2021.

Cuirfear satailít de Ghaelcholáiste Ghlór na Mara, atá suite i gContae Átha Cliath, ar bun i nDún Dealgan. 

Bhí Gaelcholáiste Lú ag feidhmiú taobh istigh den mheánscoil Bhéarla, Coláiste Chú Chulainn, i nDún Dealgan.

Ach ó 2019, bhí tuismitheoirí i mbun agóidíochta mar, dar leo féin, ní raibh a leanaí ag fáil gaeloideachais ansin.

'Bhí na daltaí measctha isteach go hiomlán leis an meánscoil Bhéarla agus ag feidhmiú trí mheán na teanga sin', a dúirt siad.

Tháinig deireadh le Gaelcholáiste Lú agus ó shin i leith, bhí gaeloideachas ag an meánleibhéal idir dhá cheann na meá i nDún Dealgan. 

Ach an tseachtain seo, d'fhógair an tAire Oideachais, Norma Foley go raibh socrú bainte amach; go mbunófaí satailít de Ghaelcholáiste Ghlór na Mara, atá lonnaithe i mBaile Brigín i nDún Dealgan.

Tá sé le lonnú, go sealadach, in ionad pobail ar an mbaile. 

Tá Gaelcholáiste Ghlór na Mara faoi phátrúnacht an Fhorais Phátrúnachta. 

'Go praiticiúil, séard a bheas ag tarlú', a dúirt Ard-Rúnaí an Fhorais, Caoimhín Ó hEaghra, 'ná go mbeidh baill foirne lonnaithe thuas i nDún Dealgan.

Beidh an campas i nDún Dealgan ag tarraingt air agus ag úsáid na n-achmhainní agus an strúchtúir atá ag Gaelcholáiste Ghlór na Mara i mBaile Brigín.

Beidh an satailít á bainistiú ó Ghlór na Mara.'

Is múnla píoltach é seo, atá deartha ag an bhForas Pátrúnachta.

Deir an Roinn Oideachais go bhféadfaí an múnla a leathnú amach, má bhíonn rath air.

Faoi mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, níl gaelcholáiste ar bith i naoi gcontae sa stát seo.

Tá gliondar ar thuismitheoirí i nDún Dealgan.

'Tá an cinneadh ceart déanta ag an Roinn', a dúirt tuismitheoir amháin, Caitríona Connor.

'Mar thuismitheoir, tá an-áthas orm go mbeidh sé de rogha ag an mbeirt atá agam fós sa ngaelscoil áitiúíl leanacht lena gcuid oideachais trí Ghaeilge ina gcontae féin, seachas dul ar bhus go Chontae Átha Cliath chuile mhaidin'.

Beidh cruinniú poiblí ar siúl chun an t-eolas ar fad a roinnt le tuismitheoirí Déardaoin beag seo ar zoom, an nasc ar fáil ar shuíomh idirlín an Fhorais Phátrúnachta.