Tá méadú mór tagtha ar líon na ndeilfeanna agus míolta móra ata á chaitheamh i dtír ar chósta na hÉireann.

Sa chéad dá mhí den mbliain seo, cláraíodh 93 míol mór agus deilf marbh, an líon is mó ó cuireadh tús le taifeadtaí i 1991.

Creideann an Grúpa Éireannach maidir le Míolta Móra agus Deilfeanna  go bhfuil baint ag an méadú le báid mhóra atá ag iascach amach ó chósta na hÉireann.

Deir Pádraic de Bhaldraithe ón nGrúpa go bhfuil comharthaí sóirt le haithint ar chuid mhaith des na hainmhithe marbha seo a thugann le fios gur bhásaigh siad i líonta.

Deir sé go bhfuil tráléirí móra ag plé leis an bhfaoitín gorm amach ó chósta na hÉireann agus go bhfuil eití gearrtha agus an corráin bhriste ar chuid des na hainmhithe marbha atá ag teacht í dtír. 

I gCiarraí agus i gCorcaigh is mó atá tuairiscí ar mhíolta móra agus deilfeanna marbha.

Ar thrá amháin i gCorca Dhuibhne, tá cheithre cinn de dheilfeanna agus míol mór marbh. Tá téadán ceangailte d'eireaball an mhíl mhóir agus bos an eireabaill gearrtha. 

Deir Patrick Murphy ó Chumann Táirgeoirí Éisc an Iardheiscirt nár chóir milleán a chur ar iascairí na hÉireann ach ar an bhflít mhór idirnáisiúnta atá ag plé leis an bhfaoitín gorm agus leis an maicreál i bhfad amach san Atlantaigh.

Maíonn sé chomh maith go bhfaigheann formhór na ndeilfeanna agus míolta móra bás de bharr cúiseanna nádúrtha.

Deir an bitheolaí mara Simon Berrow go bhfuil géarghá le breis taighde agus go bhfuil comhoibriú idirnáisiúnta níos fearr ag teastáil chun dul i ngleic leis an bhfadhb.

Deir sé go bhfuil polasaithe iascaigh ag teacht salach ar iarrachtaí caomhnaithe agus go bhfuil gá le breis monatóireachta ar bháid mhóra iascaigh.