Rialaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh inniu gur sháraigh Rialtas na hÉireann an dlí Eorpach a chuireann dualgas orthu aird a thabhairt ar theangacha oifigiúla na mBallstát. Caithfidh an Ard-Chúirt in Éirinn dearbhú a thabhairt anois gur theip ar an Roinn Talmhaíochta feidhm a thabhairt don dlí Eorpach.
Seo é an chéad uair riamh a tugadh cás i nGaeilge i gCúirt Bhreithiúnais na hEorpa.
"Is comhtharlú é gur ar Lá Fhéile Pádraig a eisíodh an chéad rialú riamh i nGaeilge ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh." Seo a bhí le léamh i bpreas-ráiteas na Cúirte ar maidin nuair a tugadh rialú iomlán ar an gcás a tionscnaíodh in Éirinn ar dtúis i 2018.
Thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a dtuairim faoi shárú a líomhnaíodh a rinne an Stát seo ar dhlí an Aontais maidir le lipéadú a bheith i nGaeilge ar tháirgí talmhaíochta i lár mhí Eanáir na bliana seo.
Dúirt an t-abhcóide ginearálta Michal Bobek, ag an am gur faoi na cúirteanna in Éirinn féin a bhí sé an cinneadh a dhéanamh agus chuir sé an cinneadh i gcead na gcúirteanna sin.
Dúirt sé go bhféadfaidís a bheith solúbtha i gcásanna ina bhfuil dlíthe náisiúnta agus dlíthe an Aontais Eorpaigh ag teacht salach ar a chéile.

B'éigean fanacht le cúigear breitheamh na Cúirte Eorpaigh cinneadh a dhéanamh faoin tuairim, ach de ghnáth glactar le tuairim an abhcóide ghinearálta i gcásanna den chinéal seo. B'amhlaidh an scéal é leis an cás seo agus ba inniu a tugadh an bhreith iomlán.
Sé Peadar Mac Fhlannchadha, atá ina Leas-Ard-Rúnaí ar Chonradh na Gaeilge, a thóg an cás in aghaidh an Aire Talmhaíochta agus an Stáit agus é ag maíomh gur sárú ar threoir Eorpach é gan an Ghaeilge a bheith á húsáid freisin ar na táirgí tréidlíochta sa tír seo.
Faoi réir na treorach Eorpacha (2001/82/EC) caithfear sonraí a bhaineann le táirgí leighis ainmhithe a bheith i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla na mballstát ina bhfuil na táirgí á ndíol. B'éigean do Mac Fhlannchadha dearbhú na hArd-Chúirte sa dlínse seo a lorg nach raibh a dhualgas faoin treoir Eorpach á chomhlíonadh ag an Stát.

Ón Breitheamh Ard-Chúirte, Úna Ní Raifeartaigh a fuair sé an dearbhú úd i mí Iúil 2019 agus cheadódh an dearbhú sin go bhféadfaí iarratas a dhéanamh leis an Chúirt Bhreithiúnais san Aontas Eorpach éisteacht leis an gcás d'fhonn, dá n-éireodh leis, feidhm cheart don dlí Eorpach a bhronnadh sa chás seo.
B'iad Seán Ó Cearbhaill, Dlíodóir, Daithí Mac Cárthaigh, Abhcóide agus Séamus Ó Tuathail, Abhcóide Sinsireach an chóir dlí aitheanta a bhí ag Mac Fhlannchadha.

Peadar Mac Fhlannchadha, a thóg an cás in aghaidh na Roinne Talmhaíochta agus an Stáit i 2018
Seo a leanas cuid den bhreithiúnas:

Is féidir an bhreithiúnas iomlán a léamh ach an nasc seo a leanas a chóipeáil: