Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney, gur éirigh go maith leis an gcruinniú a bhí aige ar maidin le hUachtarán na hIaráine, Hassan Rouhani.

Is é margadh núicléach 2015 a bhí á phlé ag an mbeirt.

Tá súil ag an tír seo áiteamh ar an Iaráin a bheith rannpháirteach arís sa socrú sin.

Aird ar an scaradh sóisialta agus an bheirt ag plé margadh núicléach 2015

Tá Éirinn ceaptha ag na Náisiúin Aontaithe mar áisitheoir san aighneas seo i dtaca le margadh 2015.

Tuigtear go mbuailfidh an tAire Coveney freisin inniu le hAire Gnóthaí Eachtracha na hIaráine,Javad Zarif.