Tá bailiúchán de 10,000 litir a scríobh imircigh as Éirinn go Meiriceá le 400 bliain anuas bronnta ag staraí Meiriceánach ar Ollscoil na hÉireann i nGaillimh.

Is é an taighdeoir Meiriceánach Kerby A. Miller a thug an bailiúchán don Ollscoil.

Déanfaidh Acadamh na hOllscoile i nGaoth Dobhair i gCo Dhún na nGall scagadh agus innéacsú ar an ábhar lena chur ar líne go poiblí amach anseo.

Deir an Ollscoil gur "fuinneog ar shaol na hÉireann agus Mheiriceá sa tréimhse fhada atá sna cáipéisí seo agus gur bronntanas iontach iad do mhuintir na tíre ónár fhág na himircigh seo leis na céadta bliain."

Dearcadh na n-imirceach as Éirinn ar a dtírín dúchais a bhí orthu a fhágáil le 400 bliain atá sa bhailiúchán atá tugtha ag an staraí Meiriceánach Kerby A Miller don ollscoil i nGaillimh.

Tá an meon pearsanta sin le feiceáil i mbailiúchán litreacha ó imircigh a chruinnigh Miller le breis is 50 bliain anuas.

10,000 litir atá sa bháiliúchán 

Deir an tOllamh Breandán Mac Suibhne atá ina Stiúrthóir ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, gur chaith Miller é féin tamall de bhlianta anseo sna seachtóidí ag cuartú mioneolas ar an imirce as Éirinn go Meiriceá. 

"Bhí sé ag iarraidh a fháil amach caidé a shíl gnáthmhuintir na hÉireann a d'fhág an tír seo den imirce. Ní raibh sé leis an eolas sin uilig afháil i leabharthaí ná i nuachtáin.

Ach mheas sé go bhfaigheadh sé an t-eolas sin i litreacha a chum na himircigh iad féin, agus thoisigh sé a chruinniú litreacha, á dtras-scríobh, ag cur na mbunrudaí ar ais chuig daoine agus ag déanamh anailís ansin orthu.

Fuair sé amach gur dhearc cosmhuintir na hÉireann ar an imirce mar a bheadh deoraíocht ann agus sin an rud is mó a thig amach as na litreacha seo," arsa Breandán.

Bríd Ní Dhocartaigh, (1847–1932) ag caitheamh a píopa i gceantar "Donegal Hill", ceantar na nÉireannach i Hazleton, PA.; tháinig sí ar an tsaol i mBéal Cruite, Tír Chonaill; phós sí Pádraig Ó Dubhthaigh, as Leitir Mhic an Bhaird.

Deir Breandán go bhfuil cúis ar leith a bhfuil an taisce ollmhór de smaointe na nGael thar lear bronnta ag Miller ar Ollscoil in Éirinn:

"Nuair a shocraigh Miller go raibh a chnuasach litreacha le teacht go hÉirinn, ní raibh áit ar bith níos fearr don ábhar seo ná Ollscoil na hÉireann i nGaillimh.

Níl áit ar bith sa tír a ndeachaigh an imirce i bhfeidhm uirthi níos mó ná iarthar na hÉireann agus chomh maith leis sin, tá saineolas millteanach san ollscoil ar shaol agus ar chultúr na hÉireann," a dúirt Mac Suibhne.

Sampla ón chartlann

"Tá saineolas san ollscoil seo cheana féin ar an imirce agus dhéanfar forbairt anseo ar an ábhar. Tá sé sórt filiúntago bhfuilimid a dhéanamh anois, mar tiocfaidh deireadh leis an phaindéim agus beimid ag dul i dteagmháil lena chéile arís.

Muintir na hÉireann anseo sa bhaile agus thar lear ,agus sin an rud atá sa bhailiúchán seo. Sin a bhfuil ann! An dóigh le muintir na hÉireann sa bhaile agus thar lear a tharraingt le chéile- dul i dteagmháil le daoine thar lear, ach chomh maith leis sin dul i dteagmháil le muintir na hÉireann san am atá caite," a deir Breandán Mac Suibhne.

Is in Acadamh Ghaoth Dobhair de Ollscoil na hÉireann a dhéanfar an scagadh ar an 10,000 litir den bhailiúchán.

Litir le Breandan Moore

Deir an Feidhmeannach Teanga Mícheál Ó Domhnaill go bhfuil obair mhór ach obair spéisiúil os a gcomhair.

"Beidh scagadh agus innéacsú le déanamh ar an ábhar. Na bunrudaí ar dtús: cé a sheol na litreacha?A n-ainmneacha, a sloinnte? Cá raibh cónaí orthu? Na dátaí ar seoladh iad.Agus céard iad na rudaí a raibh siad ag caint orthu? Téamaí ar nós chogadh cathartha Mheiriceá nó Cogadh Cathartha na hÉireann. Bunú an tSaorstáit.

Ceist na teanga i dtús na haoise seo caite. Gnáthshaol na ndaoine san am. Ag cur airgid anall agus an tábhacht a bhain le sin. Ceist eile, cén sórt oibre oibre a bhí ag na daoine seo? Cuirfear an t-ábhar seo ar líne don phobal ar shuíomh idirlín ar leith," a deir Mícheál Ó Domhnaill.