skip to main content

Tacaíocht Chomhaontú Aoine an Chéasta aistharraingthe ag dílseoirí

Thacaigh na grúpaí dílseoirí leis an Chomhaontú ó 1998.
Thacaigh na grúpaí dílseoirí leis an Chomhaontú ó 1998.

Dúirt grúpaí paraimíleatacha dílseacha leis an Taoiseach agus le PríomhAire na Breataine go bhfuil a dtacaíocht do Chomhaontú Aoine an Chéasta aistharraingthe go sealadach acu.

Fuair Micheál Martin agus Boris Johnson litreacha ó Chomhairle na bPobal Dílseacha atá ionadaíoch ar Óglaigh Uladh, Cumann Cosanta Uladh agus Cománlach na Láimhe Deirge.

Dúradh sna litreacha nár cheart go ndéanfaí beag is fiú d'fhreasúracht na ndílseoirí in éadan Phrótacal Thuaisceart Éireann ach gur cheart go bhfánadh cúrsaí "síochánta agus daonlathach" mar sin féin.

Chuir Comhaontú Aoine an Chéasta deireadh leis an choimhlint ó thuaidh – thacaigh na grúpaí paraimíleataí dílseacha leis an chomhaontú ain.

Tá feisirí de chuid na Breataine faoi bhrú ó aontachtóirí i bhfianaise a n-imní go bhfuil Prótacal Thuaisceart Éireann ag cur a n-áit i margadh inmheánach na Breataine i gcontúirt.

Tá an DUP agus páirtithe eile aontachtacha ag iarraidh go gcuirfí deireadh le Prótacal Éireann.

Tá sé socraithe ag Rialtas na Breataine nach gcuirfear rialacha Phrótacal Thuaisceart Éireann i dtaobh beatha a iompórtáil i bhfeidhm go ceann sé mhí eile.

Aréir, scríobh Coimisiún na hEorpa litir láidir go dtí Rialtas na Breataine ag cur in iúil dóibh go raibh an Prótacal á shárú agus go bhféadfaidís an dlí idirnáisiúnta á shárú chomh maith don dara babhta.