Tá iarrtha ag stiúrthóir Chumann na bPríomhoidí Iar-bhunscoile go gcloífeadh a gcuid ball le rialacha na Roinne Oideachais nuair a cheadaíonn siad díolúine do dhaltaí ón Ghaeilge mar ábhar staidéir.

Tá méadú 11% tagtha ar an líon daltaí ar tugadh díolúine dóibh ón Ghaeilge ó cuireadh córas úr i bhfeidhm i mí Mheán Fómhair.

Tá cead ag daltaí scoile a bhfuil deacrachtaí foghlama acu díolúine a fháil ó ábhair éagsúla staidéir.

Go dtí anuraidh, bhí gá le teastas ó shíceolaí oideachais ag dearbhú go raibh deacracht foghlama ag dalta sa Ghaeilge mar ábhar scoile. 

Ó thús na scoilbhliana reatha, áfach, tá cead ag príomhoidí iar-bhunscoile an díolúine sin a cheadú, de réir scóir caigheánaigh i dtrialacha léitheoireachta, tuigbheála agus litrithe.  

Léiríonn na figiúirí a chuir an Roinn Oideachaisis ar fáil don suíomh nuachta Tuairisc.ie gur ceadaíodh díolúine do 6,686 dalta sa scoilbhliain reatha (2020-21) i gcomparáid le 6,026 dalta an bhliain roimhe sin, sin méadú 11%. 

Deir Cumann na bPríomhoidí Iar-bhunscoile gur díol suime go bhfuil ardú ar na huimhreacha ó ceadaíodh do phríomhoidí an díolúine a bhronnadh.

Dúirt Clive Byrne, Stiúrthóir an Chumainn, go raibh sé "níos éasca nuair a bhí na síceolaithe oideachais ag déileáil leis."

Dúirt sé go gcomhairleodh sé dá chomhghleacaithe "glacadh agus cloí leis na rialacha atá leagtha síos ag an Roinn."

Bheadh imní air, a dúirt sé, "dá mba rud é go raibh díolúine faighte ag dalta toisc go raibh deacrachtaí foghlama aige ach go raibh sé ag staidéar teangacha eile cosúil le Fraincis, Spáinnis nó Iodáilis." 

Deir Seán Ó hArgáin, Uachtarán na heagraíochta Gaeloideachas, go bhfuiltear ag cur brú ar phríomhoidí díolúintí a cheadú.

Dar leis gur ábhar grinn é go bhfuil "cuid mhaith daltaí a bhfuil díolúine acu ón nGaeilge ag déanamh staidéir ar theanga iasachta.

Ceapaimid gur dímheas agus cur isteach é ar sheansanna daoine óga a dteanga féin a fhoghlaim agus dul chun cinn a dhéanamh i saol dátheangach mar a ba chóir a bheith acu. 

Nuair a cheadaigh an Roinn Oideachais an t-athrú ar an gcóras measúnaithe, dúirt an Roinn go ndéanfaí rud annamh agus eisceachtúil den díolúine seachas a mhalairt."  

Deir an tOllamh Pádraig Ó Duibhir, Leas-Dhéan Institiúid Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, áfach, gur thuar seisean gur seo mar a bheadh dá n-athrófaí an córas: 

"Tá na critéir nua i bhfad níos scaoilte agus tá sé níos fusa díolúine a fháil. Ní theastaíonn uathu ach a bheith faoin deichiú peircintíl, scór atá i bhfad ró-ard dar liom."  

D’iarr sé go bhfiosródh an Roinn an bhfuil gá le díolúine ón Ghaeilge ar chor ar bith "nó an bhfuil bealach níos fearr ann le freastal ar na daltaí a bhfuil riachtanas speisialta oideachais acu."  

Dúirt an tOllamh Ó Duibhir go ndeirtear i gcuraclam teanga na Roinne Oideachais gur do "gach páiste ag gach leibhéal cumais [an Ghaeilge] ach níl sé sin á chur i bhfeidhm nuair atá díolúine i gceist agus is gá breathnú ar bhealaí chun an curaclam a chur i bhfeidhm do gach aon pháiste. Leasuithe ar an teagasc a theastaíonn seachas na páistí a scoitheadh amach ón rang." 

Dúirt an Roinn Oideachais go dtí go ndéanfar athbhreithniú ar an chóras úr ag deireadh na scoilbhliana seo go bhfuil sé róluath a rá cén chúis atá le haon laghdú nó méadú ar líon na ndíolúintí.