In iarracht uaigneas na dianghlasála a choimeád ó dhoras, tá feirmeoir ó Chiarraí ag craoladh físeán dá chuid gabhar beo ar Facebook gach maidin agus tá na céadta ag faire orthu.

I rith an gheimhridh a thosnaigh Seán Ó Laoghaire leis na físeáin a chuireann síos ar shaol na ngabhar ar a fheirm in aice an Chalaidh in Uíbh Ráthach.

Sna físeáin seo, tugann Seán léargas ar chothú agus cúram na ngabhar, ach roineann sé scéalta greannmhara agus eachtraí ón mbéaloideas chomh maith.

Maireann Seán ina aonar i seantigh gan chumhacht aibhléise ná uisce reatha.

Deir sé go gcabhraíonn na físeáin leis cumarsáid a choimeád le daoine le linn na dianghlasála agus cuid d'aoibhneas an nádúir a roinnt san am céanna.

Tá an-spéis á cur sna físeáin le déanaí mar go bhfuil mionnáin beirthe ag na gabhair agus iad le fesicint ag pocléimnigh mórthimpeall na páirce. 

Ta teacht ar a chuid físeán gach maidin ar an leathanach Facebook Seán an Seanchaí.