Tháinig breis agus 16,000 cónaitheoir de chuid na hÉireann ar ais go dtí an stát le coicís go leith anuas, de réir figiúirí atá curtha ar fáil ag an Roinn Dlí agus Cirt go RTÉ. Léiríonn na figiúirí go raibh thart ar 3,000 duine ag teacht anseo le cuairt a thabhairt ar dhuine muinteartha leo a bhí breoite, le freastal ar shochraid, ar chúiseanna leighis pearsanta nó ar turas oibre.
Ach bhí 65% acu ag filleadh ar Éirinn tar éis laethanta saoire nó turas thar lear.
I measc na dtíortha ba mhó a dtáinig daoine uathu, bhí an Ríocht Aontaithe, an Spáinn, an Pholainn, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha agus an Romáin.
I rith na tréimhse céanna, tháinig 10,547 cónaitheoir de chuid stát eile isteach sa tír seo.