D'fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil 23 duine eile básaithe leis an ngalar Covid-19 sa Stát agus go bhfuil 921 cás nua ann.
Fágann sé seo go bhfuil 3,865 duine básaithe leis an ngalar i bPoblacht na hÉireann agus go bhfuil sé tolgtha ag 207,720 duine san iomlán ó thús na paindéime.
Tá 959 othar Covid-19 in ospidéil ar fud na tíre, 173 díobh in aonaid dianchúraim.
Faoin 9 Feabhra, bhí a gcéad dáileog de vacsaín in aghaidh Covid 19 faighte ag 248,284 duine agus bhí a dtarna dáileog faighte ag 89,380 duine.
Fógraíodh níos túisce inniu go bhfuil naonúr eile básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus go bhfuil 407 cás nua ann.
Tá 488 othar Covid-19 in ospidéil ar fud an Tuaiscirt, 58 acu in aonaid dianchúraim.