skip to main content

Tá sé "dochreidte" nach raibh sraith d'iriseoireacht iniúchta riamh ar TG4, a deir Ard-Stiúrthóir an stáisiúin, Alan Esslemont

Tá sé "dochreidte" nach raibh sraith d'iriseoireacht iniúchta riamh ar TG4, a deir Ard-Stiúrthóir an stáisiúin, Alan Esslemont.
Tá sé "dochreidte" nach raibh sraith d'iriseoireacht iniúchta riamh ar TG4, a deir Ard-Stiúrthóir an stáisiúin, Alan Esslemont.

Deir Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont, go bhfuil sé "dochreidte", agus an stáisiún 25 bliain ar an aer, nach raibh aon sraith d'iriseoireacht iniúchta ag an stáisiún agus mar sheirbhís craolta poiblí, go bhfuil sé in am é sin a athrú. 

Dúirt sé go bhfuil TG4 ag iarraidh i gcónaí ar RTÉ níos mó acmhainní a chur i dtreo na hiriseoireachta.

Ag freagairt ceisteanna a bhí sé, faoi aighneachtaí atá seolta chuig an Choimisiún um Thodhchaí na Meán.

Bhunaigh an Rialtas an Coimisiún um Thodhchaí na Meán anuraidh ar mhaithe le scrúdú a dhéanamh orthu.

Tá an chéad chuid de na haighneachtaí a fuair siad foilsithe.

Deir aighneacht ó cheardchumann iriseoirí RTÉ Raidió na Gaeltachta, go bhfuil an stáisiún ag brath go hiomlán ar mhaoiniú ó RTÉ ach de bharr laghdú ar bhuiséad RnaG, go bhfuil 30-40% den fhoireann imithe ón stáisiún ó 2008 agus gan a n-áit líonta. Moltar go dtabharfaí níos mó cumhachtaí do RnaG , neamhspleách ó RTÉ.

Deir an ceardchumann gur minic anois gur ar bhonn dea-mhéine a dhéantar cláracha sa stáisiún. Deir siad nach bhfuil an stáisiún feistithe don aois nua maidir le seirbhísí sruthaithe, agus go bhfuil trealamh in úsáid go fóill ag an stáisiún a bhí in úsáid i 1972 nuair a bunaíodh é.

Dúirt an ceardchumann inniu gur shocraigh siad féin aighneacht a chur isteach chuig an Choimisiún de bhrí, a dúirt siad, nach raibh bainistíocht an stáisiúin le ceann ar leith - seachas aighneacht RTE féin - a chur ar aghaidh.

Ach dúirt ceannaire Raidió na Gaeltachta, Gearóid Mac Donncha, go bhfuil an Ghaeilge agus an stáisiún féin mar chuid thábhachtach d'aighneacht RTÉ chuig an gCoimisiún um Thodhchaí na Meán.

"Aithnítear ar lth. 9 den cháipéis (RTÉ Enriches Life in Ireland) go gcuireann RTÉ Raidió na Gaeltachta seirbhís chuimsitheach raidió ar fáil do Ghaeilgeoirí sa Ghaeltacht agus níos faide ó bhaile ná sin agus go bhfuil ról lárnach ag an tseirbhís i measc pobal labhartha na Gaeilge. 

Ar leathanach 8 leagtar amach an baol atá ann do réimsí éagsúla sa gcraoltóireacht agus go bhfuil sé riachtanach go mbeadh bonn láidir faoi RTÉ chun tacú leis na réimsí éagsúla sin, ina measc "clúdach nuachta agus cúrsaí reatha i nGaeilge agus seirbhísí raidió".

In aighneacht TG4 chuig an Choimisiún, deir siad go bhfuil éagothroime idir maoiniú RTÉ agus TG4, agus gur leibhéal maoinithe ó na hochtóidí atá á thabhairt do TG4. Fiafraíodh don Ardstiúrthóir, Alan Esslemont, an bhfuil sé sásta de sholáthar nuacht agus cúrsaí reatha RTÉ do TG4?

"Tá iriseoireacht an-lárnach agus i mbliana beimid 25 bliain ar an aer, agus ó bunaíodh muid ní raibh aon sraith d'iriseoireacht iniúchta againn ar chor ar bith. Le haghaidh craoltóir seirbhíse poiblí, tá sin dochreidte."

Tá iriseoirí den scoth againn - daoine le taithí na mblianta.. tá an chuid is mó acu ag obair le RTÉ agus táimid ag iarraidh i gcónaí ar RTÉ níos mó acmhainní a chur a chur i dtreo na hiriseoireachta. Ach sílim fresin go bhfuil ról ag TG4 a bheith ag comhfhorbairt le RTÉ le rudaí mar chúrsaí reatha agus a bheith ag dul níos doimhne isteach sna scéalta. Na feasacháin nuachta atá againn - tá siad thar cionn - sílim go bhfuil an-éagsúlacht le feiceáil sa phaindéim seo ar TG4. Ach ba mhaith liom go mbeadh airgead ag iriseoirí le níos mó taighde a dhéanamh agus dul isteach i scéalta níos doimhne ná mar atá," a dúirt Alan Esslemont.

In aighneacht RTÉ chuig an Choimisiún deirtear go bhfuil ról agus dualgas lárnach acu don chraoltóireacht Ghaeilge, ach nach meallfaidh roinnt den ábhar Gaeilge lucht féachana mór. Deir RTÉ gur mó seans go meallfaidh ábhar Gaeilge agus ábhar 'niche nó speisialta' mar a deir siad, lucht féachana níos mó má tá an t-ábhar sin suite idir cláracha a bhfuil tóir mhór orthu. Seo an fáth a deir siad a bhfuil i bhfad níos mó de lucht féachana ag Nuacht Ghaeilge RTÉ ar RTE 1 ná tá ag Nuacht TG4.