skip to main content

Cosaint déanta ar dháileadh vacsaíní in aghaidh Covid 19

Dúirt an Dochtúir Colm Henry go bhfuil na vacsaíní "á dtabhairt amach chomh luath is a thagann siad isteach.
Dúirt an Dochtúir Colm Henry go bhfuil na vacsaíní "á dtabhairt amach chomh luath is a thagann siad isteach.

Tá cosaint déanta inniu ag Príomhoifigeach Cliniciúil Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ar an láimhseáil atá á déanamh ar an gclár vacsaínithe. Dúirt an Dochtúir Colm Henry go bhfuil na vacsaíní "á dtabhairt amach chomh luath is a thagann siad isteach."

Mhaígh sé go bhfuil go leor oibre déanta ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le dochtúirí teaghlaigh lena chinntiú go mbeidh fáil ar na vacsaíní ar fud na tíre agus go bhfaighidh na daoine cearta iad. Cuirfear tús le vacsaíniú i measc an phobail os cionn 70 bliain d'aois an tseachtain seo chugainn. 

Dúirt sé gur faoin tráth seo, go bhfuil - ar a laghad - dáileog amháin den vacsaín faighte ag 5% den daonra. Agus go bhfuil dhá dháileog faighte ag 1.7% den daonra. 

Mhaígh sé go bhfuil an vacsaín de dhéantús Astrazeneca ana-éifeachtach, agus ag léiriú comharthaí go gcuireann sé níos mó cosanta ar fáil ná mar a léiríodh sna trialacha, fiú. 

Thug sé le fios freisin go bhfuil síneadh curtha leis an sainmhíniú ar "ionaid chúraim chónaithe"; go bhfuil pobail eile ina mbíonn daoine leochailleacha ina gcónaí - mar shampla pobail reiligiúnacha - anois clúdaithe faoin sainmhíniú sin.