skip to main content

Covid 19: 18 stát eile curtha ar liosta na dtíortha go bhfuil baol mór leo agus go mbeidh coraintín éigeantach i gceist leo

Tá 18 stát eile curtha ar liosta na dtíortha go bhfuil baol mór iontu ó thaobh Covid 19 de agus go mbeidh coraintín éigeantach i gceist leo
Tá 18 stát eile curtha ar liosta na dtíortha go bhfuil baol mór iontu ó thaobh Covid 19 de agus go mbeidh coraintín éigeantach i gceist leo

Tá ocht stát déag eile curtha ag an rialtas ar liosta na dtíortha a bhfuil baol mór iontu ó thaobh Covid 19 de. Beidh ar dhaoine atá ag teacht isteach go hÉirinn ó na tíortha sin a bheith ar coraintín éigeantach ar feadh ceithre lá dhéag. 

Cuireadh an Bhraisíl agus an Afraic Theas ar an liosta ar 5 Feabhra. 

Ach ón lá inniu, beidh na tíortha seo a leanas ar an liosta freisin: Angóla, an Ostair, an Bhotsuáin, an Bhurúin, Rinn Verde, Poblacht Daonlathach an Chongó, Leosóta, Malávach, Ríocht eSuaitíní, Oileán Mhuirís, Mósaimbíc, an Namaib, Ruaindis, na Séiséil, an Tansáin, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, an tSaimbia agus an tSiombáib. 

Dúirt an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, gur faoi shrianta Leibhéal 5, nár chóir do dhaoine a bheith ag taistil ar aon nós, mura bhfuil géarghá lena dturas. 

Thug sé le fios freisin go bhfuil an rialtas ag obair ar reachtaíocht faoi láthair maidir le hordú a thabhairt do dhaoine a bheas ag isteach isteach ó na tíortha thuasluaite a gcoraintín a dhéanamh ag ionad speisialta.