San Astráil, tá tréimhse dianghlásála a mhairfidh go ceann cúig lá fógartha in Victoria. Tá an chathair Melbourne suite sa stát sin. Baineann an fógra le ráig d'athraithreach thar a bheith tógálach de Covid 19, a tháinig chun cinn sa Ríocht Aontaithe ar dtús.
Tabharfar cead leanúint ar aghaidh le Craobhchomórtas Oscailte na Leadóige in Melbourne, atá ar siúl faoi láthair, ach ní bheidh cead ag lucht leanúna a bheith i láthair.
Faoi na srianta nua, beidh ar chúig mhilliún duine sa stát fanacht sa mbaile go ceann cúig lá, seachas i gcás gníomhaíochtaí riachtanacha áirithe.
Idir an dá linn, tá sé ráite ag Príomhaire na Nua-Shéalainne, Jacinda Ardern, go gcuirfear tús leis an gclár vacsaínithe sa tír sin ar 20 Feabhra.