skip to main content

Covid 19: ní thitfidh líon na gcásanna faoi bhun 100 cás in aghaidh an lae go ceann sé seachtaine, a deir an tOllamh Phiilp Nolan

Covid 19: ní thitfidh líon na gcásanna faoi bhun 100 cás in aghaidh an lae go ceann sé seachtaine, a deir an tOllamh Philip Nolan.
Covid 19: ní thitfidh líon na gcásanna faoi bhun 100 cás in aghaidh an lae go ceann sé seachtaine, a deir an tOllamh Philip Nolan.

Beidh sé sé seachtaine, ar a laghad - a deir an tOllamh Philip Nolan ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí (NPHET) - sula dtitfidh líon na gcásanna den ghalar Covid 19 faoi bhun 100 cás in aghaidh an lae. 

Thug se le fios gur cé go bhfuil laghdú tagtha ar líon na ndaoine san ospidéal leis an ngalar, go bhfuil líon na gcásanna fós ró-ard. 

"An tseachtain seo caite, de réir gach slat tomhais atá againn", a dúirt sé, "bhí cúrsaí níb mheasa ná mar a bhí siad am ar bith i rith 2020. Tá 170 duine in aonaid dianchúraim na tíre le Covid 19. Tá sé sin ana-ard ar fad."

Tá sé ag súil, a dúirt sé, go dtitfidh líon na gcásanna faoi bhun idir 200 agus 400 in aghaidh an lae faoi thús mhí an Mhárta. Agus faoi bhun 200 in aghaidh an lae faoi dheireadh mhí an Mhárta. 

Mhaígh sé gur gá dhá chur chuige a úsáid chun an lámh in uachtar a fháil ar Covid 19; leathadh an choróinvíris a chosc agus vacsaín a dháileadh chun cosaint a chur ar fáil ina aghaidh. 

Thug sé le fios go bhfuil sé de chumas ag an bpobal leathadh an víris a chosc agus má éiríonn leo é sin a dhéanamh, go mbeidh sé de rogha ag an rialtas díriú ar phriarachtaí eile, mar shampla, ar scoileanna a oscailt in athuair.