skip to main content

Bás fir tar éis a chaite i mBÁC á fhiosrú

Tá fiosrúchán ar bun faoi bhás fir tar éis a chaite i mBaile Átha Cliath aréir.

Caitheadh an fear roinnt uaireanta agus é ag siúl ar Ardán Belclare i mBaile Munna timpeall a 9 a chlog.

Fógraíodh marbh ar an láthair e, agus tá a chorp tugtha chuig Marbhlann na Cathrach mar a gcuirfear scrúdú iarbháis níos deireanaí inniu air.

Bhí sé sna daicheadaí, bhí mac óg aige agus bhí sé ina chónaí lena mháthair.

Bhí roinnt mionchiontuithe ag an bhfear as gadaíocht agus as gadaíócht siopa.

Ba mhaith le Gardaí Bhaile Munna finnéithe a dhul i dteagmháil leo ar 01-6664400 nó ar líne rúnda an Gharda Síochána ar 1800-666-111.

Ba mhaith leo go háirithe labhairt le haon duine a bhí thart ar  Árdán Belclare nó Páirc Belclare idir 8.00 agus a 9.15 aréir, agus taifead ó cheamaraí ar dheais charranna a fháil freisin.

Ta siad ag impí ar dhaoine gan físeáin ná pictiúirí den láthair tar éis na heachta agus atá foilsithe ar an idirlíon a athroinnt ar na meáin shóisialta