Tá treoir tugtha ag bainistíocht náisiúnta Gharda Cósta na hÉireann do na foirne tarrthála gan páirt a ghlacadh i bhfíseáin rince atá ag scaipeadh go tiubh ar na meáin shóisialta.

Tháinig an t-ordu ón mbainistíocht sna sála ar fhíseán de rince aitheanta an Jeursalema a d’fhoilsigh Garda Cósta an Daingin ar líne inné.

Tá spéis curtha sa rince bríomhar ag leantóirí meán sóisialta ar fud an domhain agus san amhrán ón Afraic Theas atá mar thionlacan ag na rinceoirí.

Tá fiseáin dá leithéid déanta cheana féin sa tír seo ag leithéidí an Gharda Síochána agus foirne i dtithe altranais.

Bheartaigh Garda Cósta an Daingin tabhairt faoina leagan féin den rince agus thaifead siad é ar láithreacha suaithinseacha cosúil le Ceann Sléibhe, Tráigh Chloichir agus faillteacha Dhún Chaoin.

Foilsíodh ar líne inné é agus ta na mílte tar éis féachaint air. 

I litir ó bhainistíocht Gharda Cósta na hÉireann a seoladh aréir, áfach, iarrtar ar fhoirne gan páirt a ghlacadh sna físeáin.

Deirtear sa litir go bhféadfadh taifeadadh na bhfíseán cur isteach ar chumas na bhfoirne freastal go pras ar ghlaonna éigeandála.

Deirtear sa litir chomh maith, go bhfuil baol ann go bhféadfaí Covid-19 a scaipeadh agus ball foirne ag bailiú le chéile ag ócáidí dá leithéid. 

Deir an comharleoir áitiúil Breandán Fitzgerald go gcuireann an litir iontas air:  

"Ní thuigim in aon chor é. Thug an físeán sin ardu croí dúinn anso sa Daingean.

Táimid buailte go holc ag básanna Covid sa cheantar seo. Thug an físeán seo beagáinín beag faoisimh don bpobal.

Ón méid a chímse san fhíseán, tá na baill ag cloí le treoracha fé scarúint shóisialta. Ní chím aon deacracht leis." 

Dhiúltaigh Garda Cósta an Daingin aon ní a rá faoin litir.