Tá soiléiriú á lorg ag an Teachta Dála Neamhspleách Catherine Connolly ar an Aire Leanaí Roderic O'Gorman maidir le taifeadtaí fuaime d’fhianaise ó bhéal a tugadh don Choimisiún Imscrúdúcháin Árais Máithreacha agus Naíonán a scriosadh gan chead.

Scriosadh taifeadtaí fuaime a rinneadh d’agallaimh le suas le 550 duine a chaith seal sna hÁrais Máithreacha agus Naíonán ainneoin go bhfuil sé in aghaidh an dlí taifid a scrios sula dtagann deireadh le tréimhse feidhme an Choimisiúin Imscrúdúcháin.

Ina dtuarascáil a foilsíodh an mhí seo caite, dúirt an Coimisiún gur scriosadh na taifeadtaí fuaime mar gur áiseanna cuimhne nó "aides-mémoire" a bhí iontu. 

Deir roinnt ban anois nach ndúradh leo riamh go scriosfaí na taifeadtaí dá n-agallaimh. Deir siad chomh maith nár tugadh léiriú cruinn sa tuarascáil ar an fhianaise a thug siad don Choimisiún Imscrúdúcháin.

Dúirt Catherine Connolly le Nuacht RTÉ/TG4 gur mian lei soiléiriú a fháil ón Aire Leanaí:

"An bhfuil bealach ann leis na taifeadtaí fuaime a athghabháil agus an mbeidh gá le reachtaíocht le sin a dhéanamh? Cuireann sé leis an drochmheas, an chaoi ar caitheadh leis na daoine a tháinig os comhair an bhinse."

Tá sé in éadan an dlí faoi Acht na gCoimisiún Fiosraithe 2004 aon fhianaise a thugtar do Choimisiún a scrios fad is atá an Coimisiún sin ag feidhmiú.

Tiocfaidh deireadh le feidhm dlí an Choimisiúin Imscrúdúcháin Árais Máithreacha agus Naíonán ar an 28 Feabhra.

Caithfidh daoine atá thíos leis de bharr scrios na dtaifeadtaí gearán a dhéanamh leis na Gardaí agus leis an Choimisiún um Chosaint Sonraí roimh an dáta sin.