skip to main content

Uain á gcailliúint i gCiarraí de dheasca madraí gan smacht

Madraí gan smacht ag déanamh scime d'fheirmeoirí i gCiarraí
Madraí gan smacht ag déanamh scime d'fheirmeoirí i gCiarraí

Deir feirmeoirí i gCo Chiarraí go bhfuil cosa a gcuid caorach á mbriseadh agus uain á gcailiúint de dheasca madraí atá ag rith gan smacht ar na cnoic.

Tá na feirmeoirí ag impí ag ar shiúlóirí sléibhe a madraí a fhágaint sa bhaile agus iad ag dul amach ag siúl. 

Deir an feirmeoir caorach John Joe Mac Gearailt go bhfuil breis daoine ag siúl ar an gcnoc ó bhuail an phaindéim agus go bhfuil cuid acu ag tabhairt a madraí leo:

"Is cuma leo sa diabhal. Scaoilfidh siad leis an madra gan aon chuimhneamh ar an ndíobháil a dheineann sé agus é ag leanúint na gcaorach. Má deirimid aon ní leo ansan, eiríonn cuid acu ana-ghránna." 

Deir Adrian Breathnach go bhfuil na caoirigh i bhfad níos leochailí an tráth so bliana agus uain á n-iompar acu: 

"Leanaíonn an madra iad agus n'fheadair éinne ach an suathadh a bhaineann leis sin. Tá caoire ag briseadh chosa agus á leagadh agus uain á gcaitheamh ansan acu." 

Tá an fhadhb braite in Uíbh Ráthach chomh maith. Deir June Mahoney go gcuir madraí trí cinn de bha le haill orthu agus gur mhór an chailliúint é d’fheirmeoirí beaga. 

"Táimid suaite aige. Goilleann sé ar do chroí agus do phóca. Tugaimid an-aire dár n-ainmhithe agus bhrisfeadh sé do chroí iad a fheiscint caite isteach marbh ar an gcladach."

Deir Séamus Chosaí Mac Gearailt ó Chumann Siúlóide Sléibhe an Daingin go bhfuil éagóir á déanamh ag an gcleachtas ar shiúlóirí sléibhe eile:

"Níl aon chead ag aon duine madra a thabhairt leis nuair a bhíonn an club ar shiúlóid. Is mar a chéile madra scaoilte agus madra atá ar théadán don gcaora ata ar an gcnoc. Scanraíonn an dá rud í. Ba cheart na madraí a fhágaint sa bhaile." 

Tá na feirmeoirí tar éis an scéal a phlé leis na Gardaí agus tá teagmháil déanta le Comhairle Chontae Chiarraí faoi.

Faoin Acht um Chosaint Beostoic 1960, tá sé de chead ag feirmeoir madra atá ag suathadh caorach a lámhach. Deir na feirmeoirí, áfach, go dteastaíonn uathu é sin a sheachaint, más féidir.