Is í ailse bhrollaigh an cineál ailse is coitianta ar domhan anois, de réir na faisnéise is deireanaí.
Ailse scamhóg an ceann ba choitianta roimhe seo.
De réir an taighde atá foilsithe ag an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta um Thaighde Ailse, tá ailse bhrollaigh ar mhná níos coitianta anois. 2.3 milliún cás a deimhníodh ar fud an domhain anuraidh, a deir lucht taighde.
Bhí 19.3 milliún cás nua de gach cineál ailse ann agus bhásaigh deich milliún duine le hailse anuraidh, a deirtear.
Ailse brollaigh is ea 11.7% de chásanna ailse, ailse scamhóg 11.4%, ailse phutóige thart ar 10%, ailse phróstataigh 7.3% agus ailse bhoilg 5.6%.
Is i dtíortha ardioncaim atá na rátaí ailse brollaigh is airde.
Inniu an Lá Domhanda in aghaidh Ailse agus foilsíodh na figiúirí is deireanaí le cur le tuiscint an phobail ar an ngalar.
Dúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly cé go bhfuil seirbhísí sláinte na tíre seo faoi bhrú mhór de bharr Covid-19 go bhfuil seirbhísí cúraim ailse ag feidhmiú i gcónaí.
Dúirt sé gur leagadh amach €12 milliún i mBuiséad 2021 le haghaidh seirbhísí cúraim ailse i gcomhthéacs na paindéime, agus go bhfuil €20 milliún curtha ar fáil don Straitéis Náisiúnta Ailse chomh maith.