skip to main content

Tiománaithe faoi mhíchumas ag lorg tacaíochta

Tiománaithe faoi mhíchumas ag lorg tacaíochta
Tiománaithe faoi mhíchumas ag lorg tacaíochta

Tá tiománaithe atá faoi mhíchumas ag iarraidh ar an Rialtas agus ar Fheidhmeannacht na Seirbhise Sláinte Teastas Leighis Phríomhúil a chur ar fáil dóibh arís le go dtig leo carranna a bhfuil leasuithe speisialta teicniúla déanta orthu a cheannach. 

Bhí 1,500 tiománaí atá faoi mhíchumas ag súil le Teastas Leighis Phríomhúil a fháil anuraidh ach chuir dúshlán dlí sa Chúirt Uachtarach stad leis an scéim faoina gceadaítear na teastais.

Ina ainneoinn sin, dúirt an tAire Airgeadais Pascal Donohoe i mí na Samhna go bhféadfaí tús a chur an athuair le ceadú na dteastas ó 1 Eanáir.

Maíonn Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte anois, áfach, nach bhfuil dóthain foirne leighis acu leis na teastais a cheadú de bharr na paindéime Covid-19. 

Is ag oifigigh shinsearacha sláinte agus acusan amháin atá cead na teastais a údarú.

An Comhairleoir Contae Neamhspleách Gabe Cronnelly as Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe, a chaill ceann dá ghéaga i dtaisme seilge 

Tá eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar thiománaithe i gcathaoireacha rotha agus ar theascaigh, tá siad ag sireadh ar an Rialtas agus ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte eisceacht a dhéanamh i rith na paindéime agus ligean do dhochtúirí teaghlaigh na teastais a cheadú.

Dúirt an eagraíocht Embrace Farm le Nuacht RTÉ/TG4 inniu go bhféadfadh an Roinn Airgeadais athbhreithniú a dhéanamh ar theastais a cheadófaí de réir na heisceachta seo nuair a bheidh deireadh leis an phaindéim, is é sin má bhíonn imní nó amhras orthu faoi bhailíocht aon iarratais.