Dúirt príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Mícheál Ó hÉanaigh go bhfuil na hOifigigh Pleanála Teanga sa Ghaeltacht ag brath ní amháin ar an phobal ina bhfuil siad ach ar chomhoibriú ón earnáil Stáit chomh maith le go mbeadh seirbhísí i nGaeilge ann. 

Gan an comhoibriú seo, a dúirt sé, tá sé thar a bheith deacair go mbeadh pobail labhartha Gaeilge ann.

Ag trácht a bhí Mícheál Ó hÉanaigh ar ráiteas ó Oifigigh Pleanála Teanga a léirigh míshástacht gur dícheadaíodh leasuithe ar an Bhille Teanga a raibh sé mar aidhm acu a chinntiú go mbeadh seirbhís iomlán Ghaeilge ar fáil ón Stát.

Sa ráiteas Dé hAoine seo caite, dúirt na hOifigigh Pleanála Teanga gur faoi Acht na Gaeltachta 2012 atá siad féin ag feidhmiú, ach go bhfuil teip iomlán i ndán don Acht sin murar féidir leis an Stát a chuid féin de a chomhlíonadh.

Nuair a d’fhiafraigh Nuacht RTÉ/TG4 d’Údarás na Gaeltachta an léiríonn an ráiteas go bhfuil frustrachas ar na pleanálaithe teanga, d’admhaigh an príomhfheidhmeannach go raibh "dúshlán an-mhór roimh na grúpaí." 

Tharraing sé aird ar chuid de na deacrachtaí dar leis: 

"Tá méid áirid is féidir le pobail a dhéanamh, tá méid áirid atá ina smacht acusan, ach tá siad ag brath ar chomhoibriú ón earnáil Stáit ionas go mbeadh seirbhísí á gcur ar fáil thré Ghaeilge agus sin deacracht i go leor ceantracha Gaeltachta thar na blianta.

Mura bhfuil seirbhísí Stáit ar fáil tré mheán na Gaeilge, tá sé thar a bheith deacair go mbeadh pobail labhartha Gaeilge agat. Sin cuid lárnach de, agus tuigeann na hOifigigh Pleanála Teanga sin, tuigeann muid ar fad é sin agus sílim go bhfuil gá le béim a chur air sin.

Tá na hOifigigh Pleanála Teanga agus a gcuid coistí á gcur ar an eolas faoi na riachtanais éagsúla seo, agus tuigeann muid chomh dáirire is atá siad faoin bhfreagracht agus an dúshlán a tugadh dóibh pleananna a ullmhú agus a chur i bhfeidhm. Caithfidh muide agus caithfidh gach dream eile comhoibriú a thabhairt dóibh air sin."

Deir Údarás na Gaeiltachta fosta gur an samhradh seo chugainn a chuirfear tús leis na hathbhreithnithe foirmiúla ar na pleananna teanga.

I mí Iúil anuraidh, d’fhiafraigh Nuacht RTÉ/TG4 de  Roinn na Gaeltachta cé na daoine a dhéanfadh an t-athbhreithniú. 

Dúirt an Roinn ag an am go raibh siad ag obair ar mhodheolaíocht agus nach raibh an obair críochnaithe go fóill.

Sé mhí níos deireanaí, áfach, deir urlabhraí ar son na nOifigeach Pleanála Teanga ar fad, John Prendergast ó Mheitheal Pleanála Teanga Chiarraí Thiar, nach bhfuil a fhios acu fós cé a dhéanfaidh an t-athbhreithniú:

"Chuirfeadh na hOifigigh Pleanála Teanga ana-fháilte roimis shoiléireacht i dtaobh athbhreithnithe ar an bpróiseas pleanála teanga tar éis trí bliana.

Ní léir dúinn go fóill cé a bheidh á dhéanamh nó cad iad na coinníollacha a bheidh leagtha síos acu chun é sin a dhéanamh."

An tseachtain seo, dúirt an tÚdarás go bhfuil dul chun cinn an-mhaith déanta acu:

"Is iad an Roinn atá freagrach as sin. Táimid ag obair leis an Roinn ... agus tá dul chun cinn an-mhaith déanta againn. Beidh an chéad cheann de na hathbhreithnithe ag tosnú le Cloich Chionnaola [i gCo Dhún na nGall] an samhradh seo chugainn."