I gcúirt i Sasana, gearradh téarmaí fada príosúin ar thriúr fear Éireannach agus ar fhear eile faoi dhúnorgain 39 duine de bhunadh Vítneam a bhásaigh i leantóir cuisnithe leoraí in Essex i mí Dheireadh Fómhair na bliana 2019. 

Phléadáil Maurice Robinson, 26 bliain, as Craigavon, agus a shaoiste Rónán Hughes, 41 bliain, as Ard Mhacha, ciontach i ngáinneáil ar dhaoine agus i ndúnorgain. 

Gearradh téarma príosúin trí bliana déag agus ceithre mhí ar Robinson a phléadáil ciontach chomh maith i sciúradh airgid. Téarma 20 bliain a gearradh ar Hughes. 

Ciontaíodh an bheirt eile, Éamonn Harrison, 24 bliain, as Co an Dúin, agus Gheorghe Nica, 43 bliain, as Basildon, Essex, sna cúisimh chéanna.

Téarma príosúin ocht mbliana déag a gearradh ar Harrison agus 27 bliain ar Nica arbh é ceann feadhna na buíne comhcheilge é.

Ba é Éamon Harrison a thug an leantóir go calafort Zeebrugge sa Bheilg sular seoladh ar aghaidh go Sasana ar bhád farantóireachta é. 

Bhásaigh 39 duine ó Vítneam sa leantóir leoraí

Fuarthas coirp an 39 duine - 31 fear agus ochtar ban - sa leoraí in eastát tionsclaíochta i mbaile Grays in Essex soir ó Londain.

Bhí suas le €14,590 an duine íoctha acu le lucht na comcheilge.