skip to main content

An lúthchleasaí aitheanta Jerry Kiernan tar éis bháis

Jerry Kiernan
Jerry Kiernan

Tá an lúthchleasaí cáiliúil Jerry Kiernan tar éis bháis. Bhí sé 67 bliain d'aois.

Reathaí fadraoin ab ea Jerry Kiernan agus bhí sé ar fhoireann na hÉireann sna Cluichí Oilimpeacha i Los Angeles i 1984, mar ar tháinig sé sa naoú háit i rás an mharatóin. 

Bhuaigh sé Maratón Bhaile Átha Cliath i 1982 agus i 1992 agus ba é an seachtú hÉireannach é a rith míle faoi bhun ceithre nóiméad.

B'as Lios Tuathail, Co Chiarraí, ó dhúchas é Jerry Kiernan, ar chóitseálaí é chomh maith. Bhí an reathaí meánraoin Ciara Mageean i measc na lúthchleasaithe óga a bhí faoina choimirce. 

Bhíodh sé ar phainéal saineolaithe RTÉ le linn na gCluichí Oillmpeacha, áit ar bhain sé tuilleadh clú amach.