Tá míshástacht curtha in iúl ag daoine in oirthear Bhéal Feirste nach mbeidh an chomharthaíocht scáileáin ar sheirbhís iompair an Glider i nGaeilge ach amháin nuair a bheidh an Glider ag bogadh fríd iarthar na cathrach.

D'fhógair an tAire Infrastructúr Nicola Mallon go gcuirfear an Ghaeilge ar na scáileáin gan mhoill in iarthar na cathrach ach deir pobal Gaeilge oirthear Bhéal Feirste gur ceist chothromaíochta agus measa atá ann agus nach bhfuil fáth ar bith nach mbeidh an teanga ar na comharthaí nuair a bheidh na busanna in oirthear Bhéal Feirste.

Tá an tseirbhís traschathrach an Glider ag feidhmiú anois le dhá bhliain go leith in iarthar agus oirthear Bhéal Feirste. Is i mBéarla amháin atá an chomharthaíocht ar na scáileáin i mBéarla amháin fá láthair - murb ionann leis an chóras busanna áit a bhfuil an chomharthaíocht dhá theangach in iarthar na cathrach.

D’fhógair an tAire Infrastruchtúr go gcuirfear an Ghaeilge ar scáileáin an Ghlider in iarthar na cathrach ach gur i mBéarla amháína bheidh siad chomh luath is a bhainfidh an Glider lár na cathrach amach, agus ar aghaidh as sin fríd oirthear na cathrach.

Dúirt Pilib Ó Ruanaí, Príomhfheidhmeannach Iontaobhas na Gaelscolaíochta, gur amaidí atá ann agus go bhfuil Gaelscoil sa taobh thoir den chathair agus na céadta cainteoir Gaeilge ina gcónaí sa cheantar. Dúirt Pilib, atá ina chonaí in oirthear Bhéal Feirste, gur droch-chinneadh a rinne an tAire Infrastructúr, Nicola Mallon, nach mbeadh an Ghaeilge le feiceáil in oirthear na cathrach. Ceist measa agus cothromaíochta atá ann a deir sé. Dúirt sé gur chuir cuid cúntóirí droch-chomhairle ar Nicola Mallon, bean a dúirt Ó Ruanaí a bhfuil bá aici leis an Ghaeilge

Tá an Roinn Infrastructúr ag rá go gcuirfidh an Ghaeilge ar scáileáin an Ghlider in iarthar Bhéal Feirste go luath agus is féídir.