Tá tuairim tugtha ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh faoi shárú a líomhnaíodh a rinne an Stát seo ar dhlí an Aontais maidir le lipéadú a bheith i nGaeilge ar tháirgí talmhaíochta.
Thug an t-abhcóide ginearálta Michal Bobek an tuairim gur faoi na cúirteanna in Éirinn féin a bhí sé an cinneadh a dhéanamh agus chuir sé an cinneadh i gcead na gcúirteanna sin.
Dúirt sé go bhféadfaidís a bheith solúbtha i gcásanna ina bhfuil dlíthe náisiúnta agus dlíthe an Aontais Eorpaigh ag teacht salach ar a chéile.
Caithfear fanacht anois le cúigear breitheamh na cúirte Eorpaí cinneadh a dhéanamh faoin tuairim, ach de ghnáth glactar le tuairim an abhcóide ghinearálta i gcásanna den chinéal seo.
Ba é Peadar Mac Fhlannchadha, Leas-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, a thug dúshlán an Aire Talmhaíochta agus an Stáit.
Dúirt sé gur sháraigh siad treoir an Aontais (2001/82/EC) faoi nach raibh an Ghaeilge ar tháirgí talmhaíochta sa tír seo.
Rialaigh an Ard-Chúirt anseo i mí Iúil 2019 go raibh an dlí sáraithe ag an Stát ach d'iarr an Breitheamh Úna Ní Raifeartaigh tuairim ar an chúirt i Lucsamburg.
Ó 2022 ar aghaidh, beidh cead ag ballstáit an Aontais Eorpaigh a rogha teanga a thoghadh faoi choinne lipéadaithe. Rogha idir Ghaeilge agus Bhéarla atá sa Stát seo.