Tá peileadóir óg ó Chorca Dhuibhne ar a shlí chun na hAstráile inniu agus é meáite ar pheil a imirt san AFL. Conradh dhá bhliain atá sínithe ag Deividas Uosis leis an gcumann AFL The Brisbane Lions. 

Tá cáil amuigh ar Deividas mar bháireoir le Cumann Peile an Daingin. Bhuaigh sé bonn Uile-Éireann le foireann mhionúir Chiarraí in 2017 agus d'imir sé le foireann faoi 20 an chontae anuraidh.

Sa Liotuáin a rugadh Deividas ach tháinig an teaghlach go hÉirinn nuair a bhí sé cheithre bliana d’aois. 

Shínigh sé conradh leis na Lions ar dtús i mí Feabhra anuraidh ach b’éigean an turas go Brisbane a chur ar athló go dtí anois de dheasca Covid-19. 

Tá Deividas ar an dara himreoir ó chumann an Daingin a bhfuil conarthaí sínithe acu le cumainn phroifisiúnta san Astráil. Tá Mark O’Connor ag imirt le Geelong ó 2016 i leith.