skip to main content

Ráig den choróinvíreas i dteach altranais i gCorca Dhuibhne

Tá ráig den choróinvíreas braite i dtigh altranais in iarthar Chiarraí.

Tuigtear go bhfuil an víreas tolgtha ag baill den bhfoireann oibre i dteach altranais Oceanview atá suite gar don gCam ar leithinis Chorca Dhuibhne.

Tá tástálacha á gcur ar an 35 cónaitheoir atá san ionad faoi láthair.

Dúirt urlabhraí thar ceann Aperee Teo, an comhlacht atá i mbun an tí altranais, go bhfuil bainistiú cuí de réir treoirlínte á dhéanamh ar an ráig agus go bhfuil gaolta na gcónaitheoirí curtha ar an eolas faoi.

Dúirt an t-urlabhraí go n-aimsíodh an víreas i measc na mball foirne tar éis tástálacha srathacha a chuirtear ar na hoibrithe uair sa choicís.

Dúirt Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuil na húdaráis sláinte ag cabhrú leis an dtigh altranais sna hiarrachtaí an ráig a smachtú.

Tá Foireann Smachtaithe Ráige ceaptha le comhairle agus stiúir a chur ar an dtigh altranais agus iad ag dul i ngleic leis an ráig.