Dúirt an Príomhoifigeach Leighis an Dr Tony Holohan gurb iad an maolú a rinneadh ar shrianta sóisialta ag tús mhí na Nollag agus an ghníomhaíocht shóisialta sna laethanta ina dhiaidh sin is cúis leis an líon mór cásanna Covid-19 atá ann faoi láthair. 

Ag labhairt dó ar RTÉ, thug an Dr Holohan le fios mura gcloífimid leis na srianta breise a d'fhógair an Rialtas inné go mb'fhéidir go gcaithfí scoileanna agus naíolanna a dhúnadh mar atá déanta cheana féin ag tíortha eile san Eoraip.   

Dhearbhaigh an Rialtas inné go bhfuil srianta iomlána Leibhéal 5 le cur i bhfeidhm sa tír arís ar feadh míosa ó inniu. 

Tá siopaí miondíola ag dúnadh arís, tá cosc ar chuairteoirí i dtithe cónaithe agus tá feidhm arís le teorainn taistil cúig chiliméadar, de réir na srianta nua. 

Dúirt an Dr Holohan go gcaithfidh daoine glacadh leis na beartais seo agus fanacht sa bhaile leis an ráig is deireanaí den choróinvíreas a bhrú faoi chois. 

Tá an ráig seo éagsúil leis na ráigeanna a bhí ann roimhe seo, a dúirt sé, agus tá daoine in aoisghrúpaí níos sine buailte ag an víreas an uair seo.

Tá níos mó daoine á gcur in ospidéil leis an víreas an uair seo freisin, a dúirt sé. 

Thug Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le fios gur chuir siad scéala chuig 2,000 duine inné go raibh an víreas tolgtha acu.