skip to main content

Glactha ag Parlaimint Westminster le conradh trádála

Príomh-Aire na Breataine, Boris Johnson
Príomh-Aire na Breataine, Boris Johnson

Tá glactha ag Parlaimint Westminster leis an chonradh trádála idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach le móramh 521 in aghaidh 73. 

Dúirt Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson go mbeidh an caidreamh is dlúithe agus is féidir ag an tír lena comharsana Eorpacha feasta, ach go mbeidh smacht aici féin ar a cinniúint.

Agus é ag cur tús le suí speisialta de Pharlaimint Westminster ar maidin, dúirt Boris Johnson go gcruthóidh an margadh trádála cinnteacht do ghnólachtaí sa tír agus go gcosnódh sé poist.

Thacaigh Páirtí an Lucht Oibre leis an mhargadh, ach dúirt Liz Saville Roberts ó Plaid Cyrmu na Breataine Bige gur feall a bhí á imirt ar ghnáthlucht oibre na Breataine uile.

Dar le Ian Blackford ó Pháirtí Náisiúnta na hAlban gur céim mhór chun cinn a bhí sa lá inniu i bhfeachtas neamhspleáchais do na hAlbanaigh ar mhian leo fanacht san Aontas Eorpach.

Dúirt ceannaire an SDLP Colum Eastwood gur maith gur seachnaíodh teorainn chrua in Éirinn ach go ndéanfaidh an margadh damáiste d'eacnamaíocht an Tuaiscirt.

Mhaígh sé fosta gur tús é le briseadh as a chéile na Breataine Móire.

Ainneoin gur thacaigh an DUP le himeacht na Breataine ón tús, níor vótáil siad ar a shon inniu de bhrí, a dúirt Sammy Wilson, nach bhfuil an Ríocht Aontaithe uile ag fágáil slán ag an Aontas Eorpach. B'in tagairt don teorainn trádála atá socraithe anois i Muir Éireann idir Sasana agus an Tuaisceart.

Dhiúltaigh suí speisialta de chomthionól Stormont don mhargadh. 49 feisire a vótáil in éadan an rúin agus 38 ar a shon.

Dúirt ceannaire an DUP, an Chéad-Aire Arlene Foster, go mbeadh a páirtí féin ag iarraidh comhaontú cuimsitheach faoin chaidreamh a bheas idir an Bhreatain agus an tAontas san am atá le teacht.

Mhaígh Sinn Féin gur chruthaigh imeacht na Breataine deighilt agus eagla agus gur léirigh sé nach spéis leis na Tóraithe leas phobal an Tuaiscirt.