Tá líon na dteaghlach atá ag cur futhú í i lóistín éigeandála ag an líon is ísle le ceithre bliana anuas, de réir na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.
Tá 1,034 teaghlach gan dídeán sa tír.
Bhí 8,484 duine gan dídeán i mí na Samhna, laghdú 253 ar mhí Dheireadh Fómhair.
Is laghdú 19% é i gcomparáid leis an tréimhse céanna anuraidh.
Tá 6,032 duine fásta gan dídeán - 4,243 acu i mBaile Átha Cliath.
Tháinig laghdú 63 duine ar líon na ndaoine a bhí i gcónaí i lóistín éigeandála idir Deireadh Fómhair agus Samhain.