skip to main content

Curach curtha trí thine mar chuid d'fhéile ealaíon

Curach trí thine mar chuid d'fhéile ealaíon
Curach trí thine mar chuid d'fhéile ealaíon

Curach ársa lámhdhéanta agus tine tugtha di ar mhaithe na healaíne - sin ceann dos na radharcanna suaithinseacha a bheidh le feiscint ag Féile Litríochta Imram.

'Crann' is teideal don scannán ealaíonta ina bhfuil ceol nuachumtha agus filíocht mar inspioráid aige.

Tá an scannán bunaithe ar an ndán ‘Tree’ a chum an file Richard Berengarten agus atá aistrithe go Gaeilge ag Gabriel Rosentstock.

I measc na radharcanna atá sa bhfís chruthaitheach, tá curach thraidisiúnta na Bóinne á déanamh ag Holger Lonze, saor báid ó Uíbh Ráthach í gCiarraí.

I gcor drámatúil sa bhfís, deintear an churach a chur trí thine fé scáth na Sceilge agus í ar snámh ar an bhfarraige.

Laura Hilliard atá ina stiúrthóir ar an scannán agus tá ceol curtha leis an ndán ag an gcumadóir Nick Roth.

Tá an fhilíocht á canadh ag Michelle O’Rourke, Caitríona O’Leary agus Olesya Zdorovetska.

Beidh an première domhanda ag ‘Crann’ ar siúl ar líne ag 8 a chlog oíche Dé Luain seo chugainn agus é mar chuid d'fhéile Imram, an fhéile litríochta Gaeilge.